Dráma Gaeilge is ea An Giall, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Éireannach, Breandán Ó Beacháin.

Ealaíona TaibhiúcháinAn Giall
Cineáldráma Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarBreandán Ó Beacháin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
CéadléiriúMeitheamh 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
AmharclannAmharclann an Damer Cuir in eagar ar Wikidata
An Giall, SNG Drama i Ljubljana

Scríobh an dráma

cuir in eagar

Scríobh an Beachánach an dráma seo le spreagadh agus tacaíocht ó Ghael Linn, go háirithe ó fhear darbh ainm Riobard Mac Góráin. Bhíodh Mac Góráin ina eagarthóir ar Comhar agus d'fhoilsigh sé cuid mhaith de shaothar Gaeilge an Bheachánaigh san iris lena linn, chomh maith le bheith ina dhlúthchara óil leis.

Bhí an dráma le bheith réitithe do shéasúir drámaíochta an fhómhair i 1957, ach ní raibh ag éirí leis an mBeachánach bailchríoch a chur ar an script. Cuireadh go dtí an Spáinn é le deontas ó Ghael Linn chun saoire a chaitheamh agus an dráma a chríochnú. Chríochnaigh sé gníomh eile thall, ach bhí an chuid dheireanach fós le scríobh aige fiú nuair a bhí na cleachtaí foirmiúla á dtosú. Ach d'éirigh leis an snas deiridh a chur air in am don chéad léiriú.

An chéad léiriú

cuir in eagar

Cuireadh an dráma ar stáitse an chéad uair ar 16 Meitheamh 1958[1], nó Lá Bloom, in Amharclann an Damer. Ba é Proinsias Mac Diarmada a bhí mar léiritheoir agus Eibhlín Ní Chathail Riabhaigh mar léiritheoir cúnta aige. B'aisteach an tús é don dráma, nuair a chuaigh clár leictreachais na hamharclainne trí thine ar an gcéad oíche oscailte, mar nach raibh sé in ann do shoilsiú trom amharclainne. Is ar éigean gur leanadh leis an seó mar gheall ar an eachtra seo.

Bhí an halla lán go doras gach oíche de thréimhse an chéad léirithe go léir agus b'éigean é a chur ar siúl ar feadh seachtain eile chun an t-éileamh a bhí air a shásamh.

Níor cuireadh an leagan bunaidh seo den dráma ar stáitse arís go dtí 1979, áfach, nuair a cuireadh ar siúl in Amharclann an Damer arís é. Cuireadh ar siúl é an uair sin le tacaíocht ó Bhord na Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.

Gabhann poblachtánaigh saighdiúir Sasanach mar ghiall agus bítear ag bagairt air go gcuirfear chun báis é, mura scaoilfear príosúnach poblachtánach saor i mBéal Feirste.

Foireann an Dráma

cuir in eagar
  • Pádraig, 60 bliain d'aois, ar leathchos
  • Cáit, 38 bliain d'aois
  • Treasa, 18 mbliana d'aois
  • Monsúr, 70 bliain d'aois
  • Leslie, Saighdiúir (An Giall), 18 mbliana d'aois
  • An tOifigeach, 26 bliain d'aois
  • An tÓglach, 24 bliain d'aois
  • An 'Bray Harrier', 55 bliain d'aois
  • Beirt Óglach eile - ní labhraíonn siad[2]

Leagan Béarla

cuir in eagar

Rinneadh aistriúchán Béarla den dráma chomh maith, a raibh The Hostage air agus cuireadh ar ardán i Londain é.

Léiriú nua don chomóradh caoga bliain

cuir in eagar

Cuireadh léiriú nua den dráma ar siúl in Amharclann an Damer, chun comóradh caoga bliain a dhéanamh ar an dráma. Aisteoirí Bulfin a chuir ar ardán é, ar 14 agus 15 Meitheamh 2008.

  • Behan, Brendan, Poems and a Play in Irish, (1981/1986)
  • Ní Chinnéide, Máiréad An Damer: Stair Amharclainne, (Gael Linn, 2008) leabhar ina bhfuil stair an Damer, grianghraif, agus innéacs iomlán de na léirithe ó thús go dtí 1976.

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar