An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)

bailiúchán gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain

Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh an Gúm sa bhliain 1948 is ea An Braon Broghach. Cuid de luathshaothair an Chadhnaigh atá i gceist dar le roinnt léirmheastóirí agus braitear gur in An Braon Broghach a thagann Ó Cadhain chun aibíochta mar scríbhneoir. Roghnaigh An Club Leabhar an cnuasach mar leabhar dá gcuid. Le linn na tréimhse sin a chaith an Cadhnach sa Churrach a scríobh sé an díolaim gearrscéalta seo.

WD Bosca Sonraí LeabharAn Braon Broghach
Cineálbailiúchán gearrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1948 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirAn Gúm

Is é is brí leis an teilgean cainte an braon broghach ná an chéad bhraon poitín a thagann as an stil nuair a bhítear ag déanamh poitín.

Scéalta an Chnuasaigh

cuir in eagar

Aistriúcháin

cuir in eagar

Aistríodh cuid de scéalta an chnuasaigh go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity (Leagan de An Bóthar go dtí an Ghealchathair) le hEoghan Ó Tuairisc. D'fhoilsigh Poolbeg Press Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.