An Aird Thiar

baile fearainn i gContae na Gaillimhe

Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe is ea An Aird Thiar[1], cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aird Thiar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 19′ 23″ N, 9° 52′ 39″ O / 53.323052°N,9.877609°W / 53.323052; -9.877609
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie18252

Tá traidisiún amhránaíochta sean-nóis an-láidir sa gceantar, agus is as an Aird Thiar beirt de mhóramhránaithe sean-nóis na 20ú haoise, Seán 'ac Dhonncha (“Johnny Joe Pheaitsín”, 1919–1996) agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha (1943–2017).

Cé na hAirde Thiar

Tá scoil náisiúnta ann (Scoil na hAirde Thiar)[2] agus cé chloiche ar an taobh thoir den bhaile fearainn a tógadh thart ar 1895.[3] I ngar don phointe is faide ó dheas sa mbaile fearainn, tá tobar beannaithe darb ainm Tobar Cholm Cille ann, in aice le góilín beag a dtugtar Béal an Chalaidh air. Deirtear go mbíodh claibín cloiche mar chlúdach ar an tobar lá den saol, agus dá gcaithfí san fharraige é, d'fhillfeadh sé as a stuaim féin.[4]

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar