Alexandra Kollontai
Réabhlóidí, polaiteoir, taidhleoir agus teoiriceoir Marxach Rúiseach ab ea Alexandra Mikhailovna Kollontai (Rúisis: Александра Михайловнннтай; née Domontovich, Домонтович; Márta 1872 – 9 Márta 1952). Agus í ag feidhmiú mar Choimisinéir Leasa an Phobail i rialtas Vlaidímír Leinín sna blianta 1917 -1918, ba bhean thar a bheith mór le rá í laistigh den pháirtí Boilséiveach. Ba í an chéad bhean í a bhí ina haire comh-aireachta, agus an chéad ambasadóir mná.
Iníon le ginearál Arm na Rúise Impiriúil, ghlac Kollontai leis an bpolaitíocht radacach sna 1890idí agus chuaigh sí isteach i bPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) sa bhliain 1899. Le linn scoilte idé-eolaíoch an RSDLP, thacaigh sí leMeinséiveach Julius Martov i gcoinne Boilséiveach Lenin. Ar deoraíocht ón Rúis sa bhliain 1908, chuaigh Kollontai ar chamchuairt go dtí Iarthar na hEorpa agus na Stáit Aontaithe agus chuaigh sí i mbun feachtais i gcoinne rannpháirtíochta sa Chéad Chogadh Domhanda. Sa bhliain 1915, bhris sí leis na Meinséivigh agus tháinig chun bheith ina bhall de na Boilséivigh
I ndiaidh Réabhlóid na Feabhra 1917 a chuir an tsár as oifig, d'fhill Kollontai ar an Rúis. Thacaigh sí le moltaí radacacha Lenin agusmar bhall de Lárchoiste an pháirtí vótáil sí ar son an bheartais 'éirí amach armtha', as ar eascair Réabhlóid Dheireadh Fómhair agus titim Rialtas Sealadach Alexander Kerensky . Ceapadh í mar Choimisinéir an Phobail um Leas Sóisialach sa chéad rialtas Sóivéadach, ach d'éirigh sí as oifig go luath mar gheall ar a bheith i gcoinne chonradh síochána Brest-Litovsk.
Sa bhliain 1919, bhí Kollontai ar thús cadhnaíochta i mbunú an Zhenotdel, roinn na mban, a bhí nua ag an am, den Lárchoiste a bhí dírithe ar stádas na mban san Aontas Sóivéadach a fheabhsú. Ba laoch í do shaoirse na mban, agus ina dhiaidh sin aithníodh í mar dhuine lárnach i bhfeimineachas Marxach .
Nor chuir Kollontai fiacail ann agus í in aghaidh an tionchair mhaorlathaigh ar an bPáirtí Cumannach agus a chleachtais inmheánacha neamhdhaonlathacha. Chuige sin, thaobhaigh sí le Freasúra na nOibrithe den eite chlé sa bhliain 1920, ach buaileadh í agus cuireadh i leataobh í sa deireadh, agus is ar éigean go rIaibh sÍ in ann áfach, sheachain sí a BHEITH díbeartha as an bpáirtí ar fad gan a bheith díbrithe as an bpáirtí ar fad. Ó 1922 ar aghaidh, ceapadh í chuig poist éagsúla taidhleoireachta thar lear, ar seirbhís san Iorua, Meicsiceo agus an tSualainn. Sa bhliain 1943 tugadh ardú céime di mar ambasadóir go dtí an tSualainn. D'éirigh Kollontai as seirbhís taidhleoireachta i 1945 agus fuair sí bás i Moscó i 1952.