Agóidíocht frith-inimirce agus frith-chiníochais in Éirinn

Thosaigh agóidí frith-inimirce, frith-theifigh agus frith-chiníochais in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, sna 2010idí.[1] Bhí daoine i bhfad amach ar an eite dheis ag feachtastaíocht i gcoinne na hinimirce.

Ireland For All, 18 Feabhra 2023, agóid frith-chiníochais i mBÁC
Loscadh bhus - agóid frith-inimirce i mBÁC, Samhain 2023

Tháinig athrú ollmhór ar dhéimeagrafaíocht na tíre sna 2010-2020idí. De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) sa bhliain 2023, is thar lear a rugadh 17% de dhaonra Phoblacht na hÉireann. Tháinig 46% díobh isteach 2017-2022 i gcomparáid le 22% ar an mheán ar fud thíortha an OECD.[2]

Léiríonn na huimhreacha gurbh iad ionradh na Rúise ar an Úcráin, deireadh na paindéime Covid agus an ganntanas oibrithe sa Stát ba chúis leis an méadú ar inimirce in 2022. I gceann an mhéid sin, tugadh cead oibre sa Stát do níos mó daoine in 2022/2023 ná aon bhliain eile le deich mbliana. Is san earnáil eolais agus cumarsáide agus san earnáil sláinte agus oibre sóisialta is mó a fostaíodh na daoine a fuair cead oibre.

Sa bhliain 2022, tháinig breis agus 88,000 teifeach go hÉirinn. Tháinig breis agus 74,000 duine isteach de bharr chogadh na hÚcráine. Rinneadh os cionn 13,600 iarratas ar thearmann idirnáisiúnta[3] (sin méadú 415% ó 2021agus méadú 186% ó 2019). Chuimsigh na hiarratais a rinneadh anseo anuraidh 1.3% den líon iomlán iarratas a rinneadh san Aontas Eorpach ar fad.[4]

In iomlán, tháinig 141,600 duine chun cónaí in Éirinn idir Aibreán 2022 agus Aibreán 2023 (ar méadú 31% é sin ó 2021/2022), agus d'imigh 64,000 duine as an tír i gcaitheamh na bliana céanna, de réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Ní nach ionadh tá ábhair bhuartha ag daoine faoi bhrú ar sheirbhísí, tithíocht srl. Tagann lucht na heite deise i dtír ar na hábhair bhuartha seo trí eolas bréagach a scaipeadh ar líne.[5]

Bhí agóidí ar siúl i gceantair áirithe timpeall na tíre le na 2010idí-2020idí, toisc, go háirithe, gur lonnaíodh ionaid do theifigh iontu.[6][7]

Bhí an foréigean ag dul i dtreise ag roinnt agóidí frith-inimirce le linn 2023. Tharla roinnt eachtraí foréigneacha a bhain le agóidí frith-inimirce, lena n-áirítear coirloscadh ]foirgnimh i mBaile Átha Cliath agus ionsaí ar champa a d’úsáid inimircigh i mBaile an Ásaigh.[8] Rinne grúpaí frith-inimirce iarracht cur isteach ar pharáid Lá Fhéile Pádraig i lár chathair Bhaile Átha Cliath.[9] Fuair Comhairleoirí drochíde frith-theifeach, mar shampla caitheadh carraig tríd fhuinneog thig an comhairleora Hugh Lewis.[10]

Tá polasaí frith-inimirce acu a chuireann corraí ar dhaoine.[11][12]

Thosaigh an chíréib frith-inimirce is mó riamh i mBaile Átha Cliath ar 23 Samhain 2023, inar tharla eachtraí loitiméireachta, loscadh, gadaíochta ó shiopaí, agus ionsaithe ar ghardaí.[13]

I mí na Samhna 2023, scríobh Comhairle Contae Chiarraí chuig an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh gan tuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn a chur go Ciarraí, ar an gcúis - a deir siad - go bhfuil 10% d'Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí cheana féin agus nach bhfuiltear in acmhainn seirbhísí a chur ar fáil ach do mhéid áirithe daoine..[14]

Ar an 31 Nollaig 2023, tharla dóiteán mór i bhfoirgneamh díomhaoin i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na hoíche (in iartheach ósta, an Shipwright / Sally's Bar, ar Shráid Chláir Fhada sa Rinn). Léirsigh lucht frith-inimirce taobh amuigh den fhoirgneamh i mí na Nollag i bhfianaise ráflaí go rabhthas le dídeanaithe ón iasacht a lonnú ann. Ach bhí sé beartaithe leas a bhaint as an bhfoirgneamh mar lóistín éigeandála do theaghlaigh.[15]

Tuaisceart Éireann

cuir in eagar

Tharla méadú i líon na n-ionsaithe ciníocha ó thuaidh sna 2010idí. Dúirt mar shampla, Peter Robinson, nach mbeadh muinín aige as Moslamaigh ach chun a chuid siopadóireachta a dhéanamh.[1] Ó 2016 ar aghaidh, chuir Breatimeacht nimh san fheoil.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Borders & Lies: Léirithe ag Mind the Gap Films DAC do Virgin Media One, díríonn an clár faisnéise seo ar litearthacht sna meáin agus ar agóidí frith-inimirce in Éirinn agus ar an ról a imríonn na meáin shóisialta, ag baint úsáide as scéalta ón bhfíorshaol agus anailís shaineolach.[16]
  1. 1.0 1.1 Meon Eile (2014). "4,000 páirteach in agóidí frithchiníochais ó thuaidh". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-11-29.
  2. Ciarán Dunbar (2023-03-22). "‘Cad é mar is féidir leis an eite dheis a bheith ag gearán faoi bhagairtí don chultúr dúchais gan focal Gaeilge acu?’" (ga-IE). Independent.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  3. Is iad na Seoirsiaigh a rinne 20% de na hiarratais agus is daoine ón Ailgéir (13%), ón tSomáil (12%), ón Nigéir (8%), ón tSiombáib (7%) agus ón Afganastáin (6%) a rinne an chuid is mó díobh ina ndiaidh sin. Ina cheann sin, tugann na figiúirí le fios gur ó thíortha a aicmítear mar 'thíortha sábháilte' a tháinig 25% de na hiarratasóirí.
  4. Nuacht RTÉ (2023-11-29). "13,600 iarratas ar thearmann idirnáisiúnta sa tír seo anuraidh" (as ga). 
  5. Breandán M Mac Gearailt (21 Márta 2023). "Bonn níos fearr faoin dara gála de shraith iniúchta cúrsaí reatha TG4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-29.
  6. Tús Áite: RnaG / Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin) (2023-01-13). "An eite dheis agus agóidí frith-theifigh" (ga-IE). RTE Radio RnaG. Dáta rochtana: 2023-11-29.
  7. Alex Hijmans (29 Lúnasa 2015). "Thar am ag an Eoraip stad de bheith á náiriú féin os comhair an domhain…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  8. extrag.ie (2023-02-17). "Gríosóir Briotanach Tommy Robinson anseo ‘le jab a dhéanamh’" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-11-30.
  9. extrag.ie (2023-02-24). "Frith-inimircing ag dul in aghaidh pharáid Lá Fhéile Pádraig" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-11-30.
  10. Tús Áite: RnaG (2023-07-19). "Drochíde frith-theifeach a fhaigheann comhairleoirí" (ga-IE). RTE Radio RnaG. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  11. extrag.ie (2023-02-19). "Bileog bréagach ag cur eagla ar cailíní ó frith-inimircigh" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-11-30.
  12. ADHMHAIDIN / RnaG (2023-05-15). "Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Times." (ga-IE). RTE Radio RnaG. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  13. "How the chaos unfolded in Dublin city centre" (en). Nuacht RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Samhain 2023.
  14. Nuacht RTÉ (2023-12-07). "Imní i gCiarraí faoina thuilleadh teifeach a bheith á gcur ann" (as ga-IE). 
  15. Nuacht RTÉ (2023-12-31). "Dóiteán i bhfoirgneamh a raibh teaghlaigh gan dídean le lonnú ann" (as ga). 
  16. "Fuaim & Fís Archives" (ga-IE). Coimisiún na Meán (2023-11-07). Dáta rochtana: 2023-11-29.