Is abhainn i gContae Chill Mhantáin, Éire é an Abhainn Abhóca. Tá sé cuimsithe go hiomlán laistigh den chontae. Is é 56.3 km (35 míle) fad an abhainn.[1]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAbhainn Abhóca
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1419448 Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Map
52° 53′ 06″ N, 6° 13′ 58″ O / 52.885°N,6.2329°W / 52.885; -6.2329
52° 47′ 36″ N, 6° 08′ 18″ O / 52.7932°N,6.1382°W / 52.7932; -6.1382
Craobh-abhainn
Tréithe
Toisí35 (fad) mi
An radharc in aimsir Moore.
Thomas Moore ag Chomar an Dá Abhann.

Tosaíonn an Abhóca mar dhá abhainn, an Abhainn Mhór agus an Abhainn Bheag. Tagann siad seo le chéile ag láthair ar a dtugtar Cumar an dá Uisce i nGleann na hAbhóca, a mheastar a bheith ina láthair áilleachta áitiúil, agus a rinne Thomas Moore a cheiliúradh ina amhrán den ainm céanna.

Tá sráidbhaile Abhóca suite ar an abhainn.

Tá béal an abhainn i An tInbhear Mór.

Tá mianach mór copair i nGleann na hAbhóca, agus níos faide síos an abhainn bhí monarcha leasacháin NET (dúntha ó 2002). Deirtear gur chuir siad seo go mór le truailliú i réimsí ísle na habhann.

Gabhann an líne iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Ros Láir freisin feadh Ghleann na hAbhóca, ag dul isteach sa tír óna bealach cósta den chuid is mó agus leanann bóthar an R752 go docht bruach thiar an Abhóca ó Cumar an dá Uisce go dtí An tInbhear Mór.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar