A phaidrín do dhùisg mo dhéar

An bhean uasal Albanach Aithbhreac Inghean Corcadail (fl. 1470) a scríobh an dán A phaidrín do dhùisg mo dhéar.

I ndilchuimhne ar a fear céile, Niall Óg Mac Néill, a chum sí é agus é scríofa i ndán díreach, rud a léiríonn gur bhean oilte an t-údar.[1][2]

Tá an dán le fáil i Leabhar Deathan Lios Mòir.

A phaidrín do dhùisg mo dhéar

cuir in eagar
  • A Phaidrín do dhúisg mo dhéar,
  • ionmhain méar do bhitheadh ort;
  • onmhain cridhe fáilteach fial
  • gá raibhe riamh gus a nocht.**


  • Dá éag is tuirseach atáim,
  • an lámh má mbítheá gach n-uair,
  • nach cluinim a beith i gclí
  • agus nach bhfaicim í uaim.


  • Mo chridhe-se is tinn atá
  • ó theacht go crích an lá dhúinn;
  • ba ghoirid do éist ré ghlóir,
  • ré h-agallaimh an óig úir.


  • Béal asa ndob aobhdha glór,
  • dhéantaidhe a ghó is gach tír:
  • leómhan Muile na múr ngeal,
  • seabhag Íle na magh mín.


  • Fear ha ghéar meabhair ar dhán,
  • ó nach deachaidh dáimh gan díol;
  • taoiseach deigh-einigh suairc séimh,
  • agá bhfaightí méin mheic ríogh.


  • Dámh ag teacht ó Dhún an Óir
  • is dámh ón Bhóinn go a fholt fiar:
  • minic tháinig iad fá theist,
  • ná mionca ná leis a riar.


  • Seabhag seangglan Sléibhe Gaoil,
  • fear do chuir a chaoin ré cléir;
  • dreagan Leódhuis na learg ngeal,
  • éigne Sanais na sreabh séimh.


  • A h-éagmhais aon duine a mháin
  • im aonar atáim dá éis,
  • gan chluiche, gan chomhrádh caoin,
  • gan ábhacht, gan aoibh i gcéill.
  1. "Biographical Dictionary of Scottish Women: From Earliest Times to 2004" (2006). Edinburgh University Press. 
  2. Kerrigan, Catherine (1991). An Anthology of Scottish Women Poets, lch 52. Edinburgh University Press. ISBN: 978-0-74-860243-8.