Is diúracán aer go talamh [1] é an AGM-114 Hellfire, a forbraíodh den chéad uair le haghaidh úsáid fhritharmúir, ach forbraíodh samhlacha níos déanaí le haghaidh bheachtbuillí drón i gcoinne cineálacha targaidí eile, agus baineadh úsáid astu i roinnt gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo “ targaidí ardluacha a scrios”.[2]

Infotaula d'armaAGM-114 Hellfire
Cineálair-to-surface missile (en) Aistrigh agus Diúracán frith-thainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Stair seirbhíse
I seirbhísó 1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Stair táirgthe
DéantóirLockheed Martin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraíochtaí
Fad1.63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas17.8 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Raon éifeachtach8 km Cuir in eagar ar Wikidata
Córas treorachlaser guidance (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Forbraíodh é ar dtús faoin ainm Heliborne laser, fire-and-forget missile, rud a d'fhág gur tháinig an t-ainm "Hellfire" sa ghnáthchaint mar ainm foirmiúil an diúracáin ar deireadh thiar.[3]

Tá cumas ilmhisean, il-targaid aige agus is féidir é a sheoladh ó ardáin iomadúla aeir, farraige agus talún, lena n-áirítear an drón 'Predator'.[4]

  1. AGM-114 Hellfire”. Military.com. Dáta rochtana: 26 July 2020.
  2. Hallion (2018). "Routledge Handbook of Air Power": 52. Routledge. 
  3. World Missile Yearbook”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 February 2017.
  4. J. FREEDBERG JR. (10 July 2018). “Army Anti-Aircraft Stryker Can Kill Tanks Too”. breakingdefense.com. Breaking Defense. Dáta rochtana: 1 July 2021.