100% Redress

páirtí polaitíochta in Éirinn

Is páirtí polaitiúla Éireannach é 100% Redress a cláraíodh ar an 15ú Meán Fómhair 2023.[1] Bunaíodh an grúpa tar éis do ghrúpaí gníomhaíochta mica, lena n-áirítear Grúpa Gníomhaíochta Mica Dhún na nGall,[2] moladh a dhéanamh páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar úinéirí tí a raibh tionchar ag géarchéim bhloc lochtach na hÉireann orthu.[3] Is é príomhsprioc luaite an pháirtí scéim nua sásaimh a dhaingniú do bhloic choincréite lochtacha a chlúdaíonn 100% de na costais a bhaineann le tithe agus foirgnimh a atógáil a bhfuil ábhar lochtach ag baint leo.[4]

Bosca Sonraí Eagraíochta100% Redress
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2023
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttps://www.100percentredressparty.ie/

In ainneoin go bhfuiltear ag díriú ar cheist na mbloc lochtach, tá sé ráite ag an ngrúpa nach páirtí saincheiste amháin é agus go raibh polasaithe forbartha acu maidir le sláinte, tithíocht, turasóireacht, eisimirce óige agus trédhearcacht rialtais.[5][6]

Tá an páirtí cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla agus Dáil.[7]

Chuaigh an páirtí san iomaíocht i dtoghchán Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024 agus bhuaigh siad ceithre shuíochán as na sé shuíochán a chuiagh siad in iomaíocht do.[8]

  1. New Political Party Registered to Stand Candidates”. Electoral Commission (15 September 2023). Dáta rochtana: 17 January 2024.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). RTÉ.
  3. Mica action groups declare intent to set up political party”. thejournal.ie. Journal Media Ltd (6 July 2022). Dáta rochtana: 25 February 2024.
  4. Our Policies”. 100% Redress Party. Dáta rochtana: 22 January 2024.
  5. About”. 100% Redress Party. Dáta rochtana: 25 January 2024.
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Donegal Daily.
  7. Register of Political Parties”. The Electoral Commission (18 December 2023). Dáta rochtana: 22 January 2024.
  8. Ryan (11 June 2024). “Local Elections 2024 Donegal: 'The work starts now' – The 100% Redress party gear up for action”. independent.ie. Dáta rochtana: 11 June 2024.