Úsáideoir:MALA2009/Cillian Murphy
Is aisteoir Éireannach scannáin agus téatair é Cillian Murphy a rugadh an 25 Bealtaine 1976. Is minic a dhéanann criticeoirí trácht ar an dóigh a n-éiríonn leis páirteanna fíoréagsúla a dhéanamh agus ar a shúile gorma sainiúla.
Chuir Murphy, arb as Corcaigh ó dhúchas é, tús lena shaol ar an ardán mar cheoltóir rac. I ndiaidh dó diúltiú do chonradh taifeadta, bhí a chéad iarracht ag aisteoireacht go proifisiúnta sa dráma Disco Pigs i 1996. Lean sé ag aisteoireacht ansin le páirteanna i léirithe scannáin agus dráma in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le linn dheireadh na 1990idí agus ag tús an 21ú céad. Thuill sé clú idirnáisiúnta nuair a ghlac sé páirt an laoich sa scannán iar-apacailipteach 28 Days Later. Is iad na páirteanna is cáiliúla a bhí aige ná páirteanna na meirleach in dhá scannán mór-eachtraíochta na bliana 2005: páirt an ‘Scarecrow’ sa scannán sárlaoich Batman Begins, agus páirt Jackson Rippner sa scéinséir Red Eye. I ndiaidh sin ghlac sé dhá phríomhpháirt a bhí iontach éagsúil óna chéile agus dár thuill sé clú agus cáil: a léiriú de “Kitten,” an díbeartach trans-inscne sa scannán Breakfast on Pluto in 2005, ónar thuill sé ainmniúchán do dhuais Golden Globe, agus a pháirt mar réabhlóidí Éireannach ón mbliain 1920 sa scannán The Wind That Shakes the Barley, a bhuaigh duais Palme d’Or sa bhliain 2006. Sa bhliain 2008, bhí príomhpháirt ag Murphy sa dráma rómánsach The Edge of Love agus bhí caimeo aige agus é ina 'Scarecrow' arís sa chéad chuid eile de Batman, The Dark Knight.
Is minic a bhíonn Murphy ag obair i Londain nó gar don chathair, áit a bhfuil cónaí air ó 2001, agus níor chuir sé in iúl riamh go raibh fonn air bogadh go Hollywood. Is cosúil nach bhfuil sé ar a shuaimhneas os comhair an phobail i gcultúr an iomráiteachais agus cé go bhfuil sé de nós aige agallaimh a dhéanamh faoina chuid oibre, ní bhíonn sé ar sheónna cainte ar an teilifís ná ní labhraíonn sé leis na meáin faoina shaol pearsanta.
Luathshaol agus ceol
cuir in eagarRugadh Murphy i nDúglas agus tógadh é i mBaile an Teampaill – dhá bhruachbhaile de chuid chathair Chorcaí – agus tá sé ar an duine is sine de cheathrar páistí. Oibríonn a athair, Brendan, do Roinn Oideachais na hÉireann agus is múinteoir Fraincise í a mháthair. Ní hamháin gur oideoirí iad a thuismitheoirí, ach is múinteoirí iad a aintíní agus a uncailí fosta, díreach mar a bhí a sheanathair rompu. Tá bua an cheoil ag an teaghlach chomh maith agus thosaigh Murphy ag seinm ceoil agus ag scríobh amhrán nuair nach raibh sé ach deich mbliana d’aois.
D’fhreastail Murphy ar an scoil Chaitliceach Coláiste na Toirbhirte, áit ar éirigh go maith leis i gcúrsaí acadúla, cé go mbíodh sé i dtrioblóid go minic agus gur cuireadh ar fionraí é cúpla uair, go dtí gur shocraigh sé agus é sa cheathrú bliain nárbh fhiú an crá é an mí-iompar. Ní raibh mórán suime aige sa spórt, cé gur chuir a scoil an-bhéim air, agus bhraith Murphy nach bhfuair sé tacaíocht iomlán dá chaitheamh aimsirí cruthaitheacha ar scoil. Go fóill féin, ba ar scoil a fuair sé blas na haisteoireachta den chéad uair nuair a ghlac sé páirt i modúl dráma a chuir Pat Kiernan, stiúrthóir Chomhlacht Amharclainne Corcadorca, i láthair. Chuir Murphy síos ar an taithí seo níos moille ina shaol nuair a dúirt sé gur am iontach a bhí ann agus gur mhothaigh sé go hiomlán beo, mothúchán ar a ndeachaigh sé sa tóir ina dhiaidh. Bhí an file agus an t-úrscéalaí William Wall ina mhúinteoir Béarla ag Murphy agus mhol sé dó dul le haisteoireacht ach ag an am sin b’ionann bheith ar an ardán agus bheith ina fhear mór rac.
Agus é sna déaga déanacha agus luathfhichidí, bhí Murphy ag obair i dtreo gairme mar cheoltóir rac agus sheinn sé giotár i roinnt bannaí ceoil in éineacht lena dheartháir Pádraig. Bhí dúil mhór ag an mbeirt sna Beatles agus d’ainmnigh siad a mbanna is rathúla The Sons of Mr. Greengenes as amhrán ón mbliain 1969 a bhí ag Frank Zappa, duine a raibh an-mheas acu air. Chan Murphy agus sheinn sé giotár sa bhanna agus dúirt sé gurbh é speisialtacht an bhanna “wacky lyrics” agus “endless guitar solos.” I 1996, thairg Acid Jazz Records conradh taifeadta cúig albam do The Sons of Mr. Greengenes ach níor shínigh siad an conradh. Ní raibh tuismitheoirí na ndeartháireacha sásta go nglacfaidís leis an gconradh toisc go raibh deartháir Murphy ag freastal ar an meánscoil go fóill. Chomh maith leis sin, níor tairgeadh mórán airgid leis an gconradh agus bheadh orthu cearta amhráin Murphy a ghéilleadh don lipéad ceoil.
Sa bhliain chéanna, thosaigh Murphy ag déanamh staidéir ar dhlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) ach theip air i scrúduithe na chéad bhliana toisc, mar a d’admhaigh sé féin, nach raibh sé d’uaillmhian aige é a dhéanamh. Ní hamháin go raibh sé gnóthach lena bhanna, ach d’admhaigh sé go raibh a fhios aige i ndiaidh dó cúpla lá a chaitheamh in UCC nárbh oiriúnach dlí dá phearsantacht ealaíonta. Ina theannta sin, nuair a chonaic sé an léiriú stáitse de A Clockwork Orange, a rinne Kiernan a stiúradh, spreag sé suim san aisteoireacht ann. Ba é an chéad phríomhpháirt a bhí aige ná páirt i léiriú amaitéarach Chumann Drámaíochta UCC den dráma Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme, ach dar leis féin, ba é an phríomhaidhm a bhí aige an uair sin ná bheith ag cóisireacht agus ag bualadh le mná agus nach raibh sé dáiríre faoin aisteoireacht mar ghairm ag an am. Mar sin féin, thosaigh sé ag bogadh de réir a chéile ón obair mar cheoltóir rac. Agus é ag caint faoin athrú seo níos moille dúirt sé, “I think there’s such a thing as a performance gene. If it’s in your DNA it needs to come out.” Dúirt sé, maidir leis féin, gur tháinig an ghéin seo chun cinn trí mheán an cheoil ar dtús agus d’athraigh sé ansin de réir a chéile gur shoiléirigh sí í féin tríd an aisteoireacht. “I always needed to get up and perform,” a dúirt sé.
Ina aisteoir dó
cuir in eagarLuathobair
cuir in eagarChoinnigh Murphy sa tóir ar Pat Kiernan go bhfuair sé triail aisteora ag Corcadorca agus i mí Mheán Fómhair 1996 rinne sé a chéad phíosa aisteoireachta ar an ardán agus é ar an gcéad duine a ghlac páirt an déagóra thaghdaigh as Corcaigh, sa dráma Disco Pigs le Enda Walsh. Dúirt sé tamall maith ina dhiaidh sin go raibh sé iontach sotalach go deo ag an am agus nach raibh aon rud le cailleadh aige leis, agus gur dócha gurbh oiriúnach iad na tréithe seo don pháirt. Ó cheart ní raibh Disco Pigs le bheith ar siúl ach ar feadh trí seachtaine ach sa deireadh rinne sé camchuairt na hEorpa, an Cheanada agus na Astráile ar feadh dhá bhliain, agus d’éirigh Murphy as an ollscoil agus as an mbanna. Cé go raibh sé ar intinn aige filleadh ar an gceol, d’éirigh leis ionadaíocht a fháil nuair a chonaic a chéad ghníomhaire é in Disco Pigs agus thosaigh cúrsaí aisteoireachta ag dul i bhfeabhas don aisteoir óg.
Idir na blianta 1997 agus 2003, bhí páirteanna ag Murphy i scannáin neamhspleácha cosúil le On the Edge a stiúir John Carney, i ngearrscannáin, lena n-áirítear an gearrscannán Gaeilge/Béarla Filleann an Feall, agus i mionsraith theilifíse de chuid an BBC, athchóiriú ar The Way We Live Now. Mar aon le Disco Pigs, bhí páirteanna aige i gcuid mhór drámaí eile, lena n-áirítear dráma Shakespeare Much Ado About Nothing, The Shape of Things le Neil LaBute, agus The Seagull le Chekhov. Amharcann Murphy ar an obair drámaíochta a rinne sé mar obair traenála. Ghlac Murphy lena ról in Disco Pigs (scannán) arís in 2001 sa scannán le léiritheoir neamhspleách Kirsten Sheridan agus chan sé a amhrán féin "So New" thar na teidil chreidiúna agus “You Really Got Me” le The Kinks i radharc cáirióice i dteach tábhairne sa scannán. Le linn na tréimhse seo, bhog sé ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain agus ansin go Londain sa bhliain 2001.
Tharraing a ról sa leagan scannánaíochta de Disco Pigs súil an stiúrthóra Danny Boyle agus é ag lorg aisteora don phríomhpháirt sa scannán 28 Days Later. Eisíodh an scannán sa Ríocht Aontaithe go déanach in 2002, agus faoin Iúil ina dhiaidh sin bhí ag éirí go hiontach leis an scannán gan choinne i Meiriceá agus bhí rath air go hidirnáisiúnta, rud a chuir Murphy os comhair lucht féachana ollmhór den chéad uair. Thuill ról Jim, marthanóir paindéime, ainmniúcháin do Murphy don duais ‘Duine Nua is Fearr’ ag Gradaim Empire 2003 agus do Léiriú Ceannródaíoch ag Fear ag Gradaim Scannán MTV 2004. I léirmheas a rinne ComingSoon.net ar an scannán, dúradh, “Cillian Murphy is a superb find... and he gives a breakout performance as a man torn apart by the new world into which he's awakened.”
Ag deireadh na bliana 2003, bhí príomhpháirt ag Murphy sa scannán Intermission ina ndéanann sé páirt stocadóir mí ádhúil ollmhargaidh atá tréigthe ag a leannán agus a phleanálann robáil bainc le Colin Farrell. Bhí an scannán seo ar an scannán neamhspleách Éireannach ba rathúla ó thaobh airgid de i stair díoloifige na hÉireann (go dtí gur sháraigh The Wind That Shakes the Barley an churiarracht seo in 2006). Bhí páirteanna cúnta ag Murphy chomh maith ina chéad scannáin Hollywood – Cold Mountain agus Girl with a Pearl Earring. D’fhoghlaim sé conas feoil a ghearradh i seamlas le hullmhú dá ról mar bhúistéir sa dara scannán thuas, cé gur feoilséantóir é féin. In 2004, thug sé camchuairt na hÉireann agus é sa príomhról-ról an 'Playboy' sa dráma The Playboy of the Western World, léiriú de chuid Chompántas Amharclainne Druid faoi stiúir Garry Hynes, a bhí ina stiúrthóir ag Murphy in Juno and the Paycock le Seán O’Casey agus in The Country Boy le John Murphy don chompántacht céanna.
Rath criticiúil
cuir in eagarBa sa bhliain 2005 a thuill Murphy aitheantas níos forleithne, ar dtús mar gheall ar dhá ról iomráiteacha mar mheirligh: an Dr. Jonathan Crane in Batman Begins, agus Jackson Rippner sa scéinséir Red Eye. Iarradh air ar dtús triail aisteora a dhéanamh do pháirt Bruce Wayne/Batman in Batman Begins, ach níor chreid Murphy riamh go raibh an chruthaíocht cheart aige do pháirt an tsárlaoich. Thapaigh sé an deis bheith ag obair leis an stiúrthóir Christopher Nolan, áfach. Cé go bhfuair Christian Bale an phríomhpháirt chuaigh Murphy chomh mór sin i bhfeidhm ar Nolan gur thug sé páirt chúnta an Dr. Crane dó, dochtúir a bhfuil taobh eile leis mar shármheirleach ar a dtugtar ‘Scarecrow’. Dúirt Nolan leis an iris Spin go bhfuil súile iontacha neamhghnácha ag Murphy agus go mbíodh sé i gcónaí ag cumadh leithscéalta le go mbeadh Murphy in ann a spéaclaí a bhaint de le linn na seatanna teanna. Sa scannán Red Eye de chuid Wes Craven, ghlac Murphy páirt oibrithe i bplota feallmharfa, a chuireann faitíos ar Rachel McAdams ar eitilt thar oíche. Dúirt an criticeoir scannáin ón New York Times, Manohla Dargis, go raibh Murphy mar a bheadh “picture-perfect villain,” go raibh cuma chomh fuar sin ar a shúilíní gorma go bhféadfaidís uisce a reo agus go raibh scéin ina fhéachaint dhrúisiúil fhaolchonda.
Ainmníodh Murphy le haghaidh roinnt duaiseanna mar gheall ar na páirteanna seo sa bhliain 2005, ina measc ainmniúchán don duais Meirleach is Fearr ag Gradaim Scannáin MTV 2006 don scannán Batman Begins. In Entertainment Weekly, airíodh Murphy i measc na "Summer MVPs" sa bhliain 2005, príomhscéal faoi dheichniúr siamsóirí a rinne sárléirithe ceannródaíocha. Scríobh David Denby ón bpáipéar The New Yorker, “Cillian Murphy, who has angelic looks that can turn sinister, is one of the most elegantly seductive monsters in recent movies.”
Ag deireadh na bliana 2005 (tús na bliana 2006 san Eoraip), ghlac Murphy páirt Patrick “Kitten” Braden, dílleachta trans-inscne Éireannach a théann sa tóir ar a mháthair, sa gheandrámaíocht de chuid Neil Jordan, Breakfast on Pluto, scannán atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Patrick McCabe. Rinne Murphy triail aisteora don ról in 2001 agus cé gur cheap Jordan go mbeadh Murphy oiriúnach don pháirt bhí stiúrthóir The Crying Game idir dhá chomhairle faoi dhul i ngleic le hábhar trans inscne agus ábhar a bhain leis an I.R.A. arís. Ar feadh roinnt blianta, chuir Murphy brú ar Jordan an scannán a dhéanamh sula mbeadh an t-aisteoir róshean don pháirt. In 2004, d’ullmhaigh Murphy don ról trí bhualadh le trasfheisteoir a ghléas é agus a thug amach leis agus le trasfheisteoirí eile é go clubanna oíche. Thug Murphy faoi deara go raibh na daoine seo iontach deisbhéalach agus cheap sé gur fhorbair siad an tréith seo toisc go mbíonn orthu bheith de shíor ag freagairt do mhaslaí a bhíonn daoine claonta ag tabhairt dóibh.
In Breakfast on Pluto, scéal a thiteann amach i ndomhan ilghnéitheach dathúil d'éadaí rac drithleachta na 1970idí, seónna draíochta, ceantair na soilse deirge agus foréigean an I.R.A., feictear Murphy ag claochlú os ár gcomhair ó dhéagóir andraigíneach go trasfheisteoir taibhseach órfholtach. Dúirt Ruthe Stein ón San Francisco Chronicle, agus í ag trácht ar Murphy sa pháirt seo, go bhfuil fuinneamh iontach ag baint leis ar an scáileán, mar a léirigh sé roimhe sin in 28 Days Later agus in Red Eye. Dar léi ba rogha iontach é Murphy do ról an bhuachalla andraigínigh Kitten agus go n-éiríonn leis sleamhnú go caolchúiseach ón ngreann go dráma. Maidir leis an líne is fearr le Kitten, 'Oh serious, serious, serious!' tá Ruthe den bharúil go ndéanann Murphy é a chur i láthair “with the full implications of its dual meaning.” Cé go raibh ardmholadh á thabhairt do Murphy fiú sna léirmheasanna a fuair lochtanna sa scannán féin, níor mhol gach duine go spéir é as a pháirt: Cheap The Village Voice, a cháin an scannán, go raibh léiriú Murphy “unconvincing” agus róghleoite.
Ainmníodh Murphy do Dhuais Golden Globe sa chatagóir An t-Aisteoir is Fearr i Scannán Ceoil nó i Scannán Grinn dá pháirt sa scannán Breakfast on Pluto agus bhuaigh sé an t-Aisteoir is Fearr ag Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann. In alt de chuid Premiere dar teideal “The 24 Finest Performances of 2005” liostaíodh Murphy i ról Kitten. Thug Entertainment Weekly onóir do thrí léiriú Murphy na bliana 2005 nuair a d'áirigh siad é san eagrán ag deireadh na bliana dar teideal “Great Performances of 2005.” In alt a tháinig amach ag deireadh na bliana 2005 in Back Stage, dúradh an méid seo a leanas faoi Murphy: “[he is] a chameleonic performer, a character actor trapped in a leading man's bone structure.”
In 2006 (2007 i Meiriceá Thuaidh), bhí príomhpháirt aige in The Wind That Shakes the Barley, scannán Ken Loach faoi Chogadh Saoirse na hÉireann agus an Cogadh Cathartha. Bhuaigh an scannán duais Palme d’Or ag Féile Scannán Cannes in 2006 agus ba é an scannán neamhspleách ba rathúla riamh é ag díoloifig na hÉireann. Is réalaí sóisialach é an stiúrthóir Loach agus déanann sé a scannáin a thaifead in ord. Maidir le roghnú na n-aisteoirí dá scannáin, tá sé iontach dian agus ní roghnaíonn sé ach aisteoirí arb as na ceantair lena mbaineann na scannáin. Mar sin de, ní thugann sé páirteanna d’aisteoirí mór le rá de ghnáth. Toisc gur bhain an scannán le Corcaigh, bhí seans ag Murphy cur isteach ar pháirt Damien O’Donovan, dochtúir óg a iompaíonn ina réabhlóidí, ach bhí air triail aisteora a dhéanamh faoi shé sula bhfuair sé an pháirt sa deireadh. Tá stair fada ag teaghlach Murphy i gCorcaigh; le linn na tréimhse ina bhfuil The Wind That Shakes the Barley bunaithe lámhach saighdiúirí na Breataine a sheanathair toisc go raibh sé ag seinnt ceoil Ghaelaigh.
Dúirt an criticeoir Denby an méid seo agus é ag caint faoi chur chuige Murphy agus é ag dul i ngleic le páirt Damien: “Murphy is normally very quiet in movies; he has attained his mystique as an actor by staring at people with baby-blue eyes. In this film, too, he has, at times, a deep stillness, but he has idiosyncratic moments as well, such as when Damien has to execute a teen-ager who has ratted on the I.R.A. Murphy, writhing, shoots the boy and stumbles away, nausea struggling against duty.” Scríobh Kenneth Turan, scríbhneoir an Los Angeles Times, "Murphy is especially good at playing the zealotry as well as the soul-searching and the regret, at showing us a man who is eaten up alive because he's forced to act in ways that are contrary to his background and his training."[48] Agus dúradh in Scotland on Sunday, “Cillian Murphy ... exudes a doe-eyed sensitivity that is central to our emotional involvement in the character's development. He is not a macho figure itching for a fight, but a man of peace, reluctantly drawn to the use of force. When he makes a commitment to Irish independence, it is unyielding and entirely believable.” Bhronn GQ UK a nduais d’Aisteoir na Bliana 2006 dá obair in The Wind That Shakes the Barley.
Na páirteanna is deireanaí agus an todhchaí
cuir in eagarD’fhill Murphy ar an stáitse idir Samhain na bliana 2006 go dtí Feabhra na bliana 2007 i bpríomhpháirt dhráma John Kolvenbach, Love Song, in éineacht le Neve Campbell, sa West End i Londain. Bhí an phríomhpháirt aige mar fhisiceoir-spásaire in Aibreán na bliana 2007 (mí Iúil i Meiriceá Thuaidh) agus é mar dhualgas aige an ghrian a athadhaint sa scannán ficsean eolaíochta Sunshine. Bhí sé in éineacht leis an stiúrthóir Danny Boyle arís sa scannán sin. Bhí páirt aige sa scannán rómánsúil grinn Watching the Detectives in éineacht le Lucy Liu; léiríodh an scannán neamhspleách den chéad uair ag an bhFéile Scannán Tribeca 2007 agus dúradh go mbeadh sé le feiceáil Lá San Vailintín na bliana 2008, ach níor láithríodh é sna téatair mar go ndeachaigh an scannán caol díreach go foirm DVD.
Sa bhliain 2008, tá an phríomhpháirt ag Murphy sa scannán The Edge of Love. Meascán de cheathairuilleog an ghrá agus scannán beathaisnéiseach atá ann, in éineacht le Keira Knightley agus Sienna Miller, agus glacann Matthew Rhys páirt an fhile Dylan Thomas ann; beidh an scannán ag teacht amach sa Ríocht Aontaithe i mí an Mheithimh. Is féidir é a fheiceáil arís mar “Scarecrow” sa scannán The Dark Knight, an scannán leantach de Batman Begins. Táthar ag súil leis an scannán beathaisnéiseach Hippie Hippie Shake (in éineacht le Sienna Miller arís) sa bhliain 2009. Glacfaidh Murphy páirt Richard Neville, eagarthóir na hirise Oz, iris a bhí sícideileach, radacach agus faoi thalamh. Bhí an iris i gcroílár trialach sa bhliain 1971, arbh í an triail ab fhaide agus ba gháirsiúla í i stair na Breataine. Beidh páirt aige in Peacock ina theannta sin. Scannán scéinséara, síceolaíoch is ea é a bhaineann le fear a bhfuil dhá phearsantacht aige agus a chuireann an dallamullóg ar dhaoine gurb eisean a bhean chéile; ghlac Ellen Page páirt sa scannán mar bhean a bhíodh ina shaol fadó. Tá trí ról nua don scáileán leagtha amach do Murphy i gcomhair léirithe. Déanfaidh sé Perrier’s Bounty i Samhain na bliana 2008, geandrámaíocht coire ó lucht déanta Intermission. An pháirt a bheidh aige sa scannán seo ná mionchoirpeach atá ar a theitheadh ó mheirleach. Is é Brendan Gleeson a bheidh ag glacadh pháirt an mheirligh. Tá sé i gceist aige scannán beathaisnéiseach eile a dhéanamh ar a dtugtar, Dali & I:The Surreal Story , (a cuireadh ar coimeád mar gheall ar stailc aisteora féideartha) in éineacht le Al Pacino, aisteoir lena raibh dúil ag Murphy a bheith ag obair. Ba mar gheall ar scannán a chonaic sé mar dhéagóir, a raibh Pacino ag glacadh páirte ann sa bhliain 1973, Scarecrow, an scannán is fearr leis, a thuig sé an cumas cumhachta a bhain le haisteoireacht scannáin. Tá conradh sínithe ag Murphy freisin chun páirt a ghlacadh sa dráma Albanach, White Male Heart.
Maidir le páirteanna eile amach anseo, theastaigh ó Murphy páirt mar bhuachaill bó a ghlacadh i scannán buachaillí bó le fada an lá, mar thaitin scannáin John Wayne leis féin agus lena athair nuair a bhí sé ag fás aníos. Sa bhliain 2005, dúirt sé go mba mhaith leis páirt an cheoltóra snagcheoil Chet Baker a ghlacadh. Ba mhaith le Murphy obair leis an stiúrthóir Michael Gondry lá éigin; áirítear Johnny Depp, Meryl Streep agus Philip Seymour Hoffman i measc na n-aisteoirí a bhfuil súil aige go mbeidh sé ag obair leo. Tá meas aige ar Jeff Bridges, Sean Penn, Edward Norton agus Joaquin Phoenix ina theannta sin. Nuair a d’iarr an iris, Jane, air cé acu de na ban-aisteoirí cáiliúla a mba mhaith leis a phógadh, roghnaigh sé Maggie Gyllenhaal agus dúirt sé gur “sionnach dathúil” í agus go raibh sí “cliste”. Dúirt Murphy nach bhfuil sé ag iarraidh páirt an mheirligh a ghlacadh níos mó, mar nach dteastaíonn uaidh cáil a bheith aige mar aisteoir a ghlacann an pháirt chéanna i gcónaí. Ní theastaíonn uaidh bogadh go Los Angeles mar gheall ar dhifríochtaí cultúrtha agus an fad óna chlann. In ainneoin sin, ceapann Murphy go mbeadh sé críonna agus chun tairbhe dó, go healaíonta, scannáin ó Hollywood a dhéanamh mar aon le scannáin bheaga neamhspleácha.
A shaol pearsanta
cuir in eagarPhós Murphy a chailín a bhí ina cónaí leis le fada, Yvonne McGuinness, i lár na bliana 2004. Ealaíontóir is ea í a casadh air sa bhliain 1996 ag ceann dá chuid seónna rac-cheoil. Tá an bheirt ina gcónaí ar an taobh thiar thuaidh de Londain lena mbeirt mhac óga a rugadh sna blianta 2005 agus 2007. Tá an cháil ar Murphy a bheith drogallach agus é ag labhairt faoina shaol pearsanta. Is minic a thugann sé agallaimh faoina shaothar, ach ní bhíonn sé le feiceáil ar sheónna cainte na teilifíse ina mbíonn sé de nós ag aisteoirí labhairt faoina saolta príobháideacha. Níl stílí aige gan trácht ar bholscaire. Taistealaíonn sé gan lucht coimhdeachta agus is minic é i láthair premiére ina aonar. Tugann Murphy ─ atá cúthail agus príobháideach ─ le tuiscint go bhfuil easpa suime aige i gcultúr an iomráiteachais, agus admhaíonn sé gur “dúshlán” é an cairpéad dearg “nach bhfuil mé ag iarraidh a shárú”. Tá cleachtadh aige ar nós maireachtála nach mbeadh suim ag na táblóidigh ann agus is d'aonghnó a dhéanann sé sin. “Níor chruthaigh mé conspóid riamh, ní bhím in éineacht le mná, ní théim amach ar an ragairne.” Tá Murphy cáirdiúil leis na comhaisteoirí Éireannacha, Colin Farrell agus Liam Neeson, agus tugann sé urraim do Neeson mar athair ionaid i saol na scannáin. Is iad siúd a bhí cáirdiúil leis sula raibh sé mar réalta na cairde is gaire do Murphy go bunúsach.
Tá an ceol fós tábhachtach i saol Murphy. Dúirt sé sa bhliain 2004, “Níl de rudaí rabairneacha i mo shaol ach mo chóras steiréó, a bheith ag ceannach ceoil agus ag dul chuig ceolchoirmeacha.” Ní chasann sé ceol a thuilleadh ina bhanna rac-cheoil, ach is minic é a bheith ag casadh ceoil lena chairde agus ina aonar agus, fós, bíonn sé ag cumadh amhrán. Níl sé beartaithe aige banna nua a thosú, rud atá éagsúil ó mhórán d’aisteoirí atá ina gceoltóirí freisin.Fiú dá mbeinn go maith, ní thabharfaí aird orm go deo; d'fhéachfaí orm mar aisteoir a raibh banna ceoil agam mar chaitheamh aimsire.” Is reathaí tiomnaithe é Murphy ina theannta sin.
Tógadh é mar Chaitliceach sular iompaigh sé ina agnóisí nuair a bhí sé ina dhéagóir. Sa deireadh, d’iompaigh sé ina aindiachaí tar éis dó taighde a dhéanamh dá pháirt mar fhisiceoir/spásaire núicléach sa scannán ficsean eolaíochta, Sunshine. Is feoilséantóir le fada é, ní mar gheall ar agóid mhórálta i gcoinne mharú na n-ainmhithe, ach mar go raibh nósanna míshláintiúla a bhain le talamhghnó ag cur as dó. Cliamhain is ea é do John J. McGuinness, TD i bParlaimint na hÉireann. Ghlac Murphy páirt i bhfeachtas Rock the Vote Ireland 2007 agus é ag díriú ar vótálaithe óga don olltoghchán. Bhí sé i mbun feachtais ar mhaithe le cearta na ndíthreabhach leis an eagraíocht Focus Ireland freisin.
Aitheantas ar stáitse agus ar an scáileán
cuir in eagarNa Príomhscannáin
cuir in eagarBliain | Scannán | Páirt | Nótaí |
---|---|---|---|
1998 | The Tale of Sweety Barrett | Pat, an Fearr Beáir | |
1999 | Sunburn | ||
The Trench | Rag Rockwood | ||
2001 | On the Edge | Jonathan Breech | |
How Harry Became a Tree (nó Bitter Harvest sna Stáit Aontaithe) | Gus | ||
Disco Pigs | Darren/"Pig" | ||
2002 | 28 Days Later | Jim | |
2003 | Zonad | Guy Hendrickson | níor scaoileadh amach é |
Intermission | John | ||
Girl with a Pearl Earring | Pieter | ||
Cold Mountain | Bardolph | ||
2005 | Batman Begins | Dr. Jonathan Crane/Scarecrow | |
Red Eye | Jackson Rippner | ||
Breakfast on Pluto | Patrick "Kitten" Braden | ||
2006 | The Wind That Shakes the Barley | Damien O'Donovan | |
2007 | Sunshine | Robert Capa | |
Watching the Detectives | Neil | díreach chuig DVD | |
2008 | The Dark Knight | Scarecrow | caimeo |
The Edge of Love | William Killick | ||
Wave Riders | Narrator | clár faisnéise | |
2009 | Hippie Hippie Shake | Richard Neville | |
Peacock | John Skillpa | ||
Perrier's Bounty | Michael | ||
White Male Heart | ní fios | ||
Dali & I: The Surreal Story | Stan Lauryssens |
Gearrscannáin
cuir in eagarBliain | Scannán | Páirt | Nótaí |
---|---|---|---|
1997 | Quando | Pat | |
1999 | Eviction | Brendan McBride | |
At Death's Door | The Grim Reaper, Jr. | ||
2000 | Filleann an Feall (tugtar The Treachery Returns air freisin) | Ger | |
A Man of Few Words | Finné Fir | ||
2001 | Watchmen | Phil | scríobh sé an script in éineacht leis an stiúrthóir Paloma Baeza |
2006 | The Silent City | gan ainm |
Teilifís
cuir in eagarBliain | Scannán | Páirt | Nótaí |
---|---|---|---|
2001 | The Way We Live Now | Paul Montague | mionsraith BBC |
Drámaíocht
cuir in eagarDátaí | Dráma | Páirt | Compántas Amharclainne |
---|---|---|---|
Meán Fómhair 1996–Eanáir 1999, lena n-áirítear camchuairteanna | Disco Pigs le Enda Walsh | Pig/Darren | Compántas Amharclainne Corcadorca |
1998 | Much Ado About Nothing le William Shakespeare | Claudio | Comhpántas Amharclainne Bickerstaffe |
Bealtaine-Meitheamh 1999 | The Country Boy le John Murphy | Curly | Comhpántas Amharclainne Druid |
Meán Fómhair 1999 | Juno and the Paycock le Sean O'Casey | Johnny Boyle | Comhpántas Amharclainne Druid |
Feabhra 2002 | The Shape of Things le Neil LaBute | Adam | Amharclann Gate |
Lúnasa 2003 | The Seagull le Anton Chekhov | Konstantine | Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann |
Camchuairt ó Fheabhra-Aibreán 2004 | The Playboy of the Western World le John Millington Synge | Christy Mahon | Comhpántas Amharclainne Druid |
December 2006–February 2007 | Love Song le John Kolvenbach | Beane | Amharclann New Ambassadors |
Gradaim agus Ainmniúcháin
cuir in eagarGradaim Golden Globe
cuir in eagarAinmnithe mar: Aisteoir is Fearr i Scannán, Scannán Ceoil nó Dráma Grinn (2006), Breakfast on Pluto
Gradaim BAFTA
cuir in eagarAinmnithe mar: Duais Rising Star (2007)
Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann
cuir in eagarAinmnithe mar: An t-Aisteoir is Fearr i bPríomhscannán (2003, ceiliúradh débhliantúil Eanáir) Disco Pigs Ainmnithe mar: An t-Aisteoir is Fearr i Scannán, agus an t-Aisteoir is Fearr/Vóta an Phobail (2003, An chéad cheiliúradh bhliantúil i mí na Samhna), 28 Days Later Ainmnithe mar: An t-Aisteoir is Fearr i bPríomhscannán (2005), Red Eye Ainmnithe mar: An t-Aisteoir Cúnta is Fearr i bPríomhscannán (2005), Batman Begins Buaite: An t-Aisteoir is Fearr i Scannán Ceannais (2007), Breakfast on Pluto (ainmníodh é freisin don scannán The Wind That Shakes the Barley sa rannóg chéanna) Ainmnithe mar: An t-Aisteoir i bPríomhpháirt i bPríomhscannán (2008), Sunshine
Gradaim eile
cuir in eagarAinmnithe mar: An duine nua is fearr sna Gradaim Scannán Empire (2003), 28 Days Later Ainmnithe mar: Gradaim Scannáin MTV, Léiriú Ceannródaíoch Fireann (2004), 28 Days Later Ainmnithe mar: Gradaim London Film Critics Circle, Aisteoir Briotanach i bPáirt Cúnta (2005), Batman Begins Ainmnithe mar: Gradaim Satellite, An Sáraisteoir is Fearr i Scannán, Scannán Ceoil nó Dráma Grinn (2005), Breakfast on Pluto Ainmnithe mar: Gradaim Scannán Neamhspleácha na Breataine, An t-Aisteoir is fearr (2006), The Wind That Shakes the Barley Ainmnithe mar: Gradaim Scannán na hEorpa, An t-Aisteoir Eorpach na Bliana (2006), The Wind That Shakes the Barley agus Breakfast on Pluto Buaite: Féile Palic Scannán na hEorpa, An t-Aisteoir is fearr (2006), Breakfast on Pluto Ainmnithe mar: Gradaim Scannán MTV, Meirleach is Fearr (2006), Batman Begins Ainmnithe mar: Gradaim Saturn, An t-Aisteoir Cúnta is fearr (2006), Red Eye Buaite: Gradaim GQ UK d’Fhir na Bliana, Aisteoir na Bliana (2006) Ainmnithe mar: Gradaim Scannáin Neamhspleácha na Breataine, Aisteoir is fearr (2007), Sunshine