Is é an t-úráiniam dúil uimhir a 92, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná U. Miotal geal insínte é nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha aige. Tá úráiniam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp, mar atá, 238U (99.284 %), 235U (0.711 %), 234U (0.0054 %) agus 236U (iarsmaí beaga). Tá na hiseatóip seo go léir fadsaolach, nó is é úráiniam a 234 an ceann is giorra leathré - timpeall ar aon cheathrú milliún bliain. Maidir leis na hiseatóip eile, bíonn an meath ag teacht orthu siúd i bhfad níos moille fós, nó tá siad go léir na milliúin bliain ar leathré. Is é úráiniam a 238 an ceann is fadsaolaí acu go léir, nó tá sé ceithre mhórmhilliún bliain ar leathré.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachÚráiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, dúil radaighníomhach agus dúil litifileach
Úráiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachU
Uimhir adamhach92
Mais adamhach238.02891
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlús19.05 kg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.38
Ga ianach1.03, 0.89, 1, 1.17, 0.76, 0.45, 0.52, 0.73 agus 0.86
Stair
AimsitheoirEugène-Melchior Péligot agus Martin Heinrich Klaproth
Fionnachtain1789 agus 1789
EapainmÚránas

Is é úráiniam a 235 an ceann is féidir a úsáid sna buamaí adamhacha agus sna himoibreoirí núicléacha, nó is iseatóp ineamhnaithe é - go praiticiúil, is é an t-aon núiclíd ineamhnaithe a bhfuil teacht uirthi sa dúlra. Maidir leis an gcineál meath radaighníomhach a thagann ar an úráiniam, is é an t-alfa-mheath é, de ghnáth, agus is rud tipiciúil é ag núiclídí troma cosúil le hiseatóip an úráiniam.

Buama adamhach ag pléascadh os cionn Hiroshima

Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K2UO2(SO4)2 in ann "smúit" a fhágáil ar phláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.

Is é an ochtocsaíd trí-úráiniam, U3O8, an chomhdhúil is tábhachtaí agus is cobhsaí dá bhfuil ag an úráiniam. Is ionann í agus an phicbhleind. Ocsaíd thábhachtach eile í an dé-ocsaíd, UO2. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an úráiniam, ach is iad +IV agus + VI na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta. Ian tábhachtach é an t-ian úráinile UO22+. San ian seo, is é an staid ocsaídiúcháin atá ag an úráiniam ná +VI, agus téann an t-ian i gcomhdhúile le hainiain na n-aigéad: samplaí iad an chlóiríd úráinile UO2Cl2 agus an tsulfáit úráinile UO2SO4.