Winifred Carney
Ceardchumannaí, feimineach, agus poblachtach ab ea Winifred Carney (Winnie) (1887-1943), (nó Maria Winifred Carney) a rugadh ar an 4 Nollaig 1887 ag Cnoc na nIascairí, Beannchar, Contae an Dúin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Maria Winifred McBride 4 Nollaig 1887 Beannchar, Contae an Dúin, Northern Ireland |
Bás | 21 Samhain 1943 55 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Áit adhlactha | Reilig Bhaile an Mhuilinn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceardchumannaí, gníomhaí ar son cearta vótála |
Ball de | |
Ghlac sé/sí páirt i | |
29 Aibreán 1916 | Éirí Amach na Cásca |
Óige
cuir in eagarRugadh Maria Winifred Carney nó ‘Winnie Carney’ i mBeannchar ar an 4ú lá de mhí na Nollag 1887. Ba í Sarah Carney máthair s’aici agus Alfred Carney athair s’aici. Ba í Winifred an leanbh ab óige a bhí acu. Bhí triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aici. Ba Chaitliceach í a mháthair agus ba Phrotastúnaigh é athair s’aici. Glacadh leis na páistí go léir mar Chaitlicigh. Bhris pósadh a tuismitheoirí suas agus chuaigh Winnie chun cónaithe lena máthair agus a deartháireacha i gCarlisle Circus i dtuaisceart Bhéal Feirste. Chuaigh athair s’aici go Londain agus ba bheag a chuala siad uaidh arís. Thacaigh a máthair leis an gclann trí shiopa milseán a bheith aici ar bhóthar na bhFál. Chuaigh Winnie chuig Scoil na Bráithre Críostaí ar Shráid Dhún na nGall, áit a ndearnadh múinteoir sóisearach di.
An Cheardchumann
cuir in eagarD'oibrigh sí mar rúnaí agus d’oibrigh sí mar chléireach in oifig aturnae ar feadh tamaill. Ina fichidí, ghlac sí páirt i gConradh na Gaeilge agus freisin i ngníomhaíochtaí vótála agus sóisialach i mBéal Feirste, in éineacht lena cara Marie Johnson, a raibh a fear céile Thomas le bheith ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn. D’oibrigh Marie mar rúnaí do Cheardchumann Oibrithe Teicstíle na hÉireann, a bhunaigh Séamus Ó Conghaile sa bhliain 1911, mar rannán na mban de Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann i mBéal Feirste, agus nuair a d’éirigh sí tinn i 1912, d’iarr sí ar Carney a cuid oibre a ghlacadh mar rúnaí. Bhí pá íseal agus neamhrialta aici ach d'oibrigh sí féin agus a comhghleacaithe Ellen Grimley le díograis mhór chun pá agus coinníollacha chailíní an mhuilinn a fheabhsú, agus d'éirigh le Carney árachas am-íditheach an cheardchumainn a bhainistiú. Le linn fhrithdhúnadh 1913, bhailigh Carney cistí fóirithinte ar oibrithe Bhaile Átha Cliath. Tarraingíodh go leor acu siúd a raibh baint acu leis an ITGWU isteach sa ghluaiseacht phoblachtach agus bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath ar 2 Aibreán 1914. Comh-scríobh Carney agus Connolly an 'Manifesto of Irish Textile Workers’ Union (1913)' . Mar náisiúnach díograiseach, bhí Carney ina ball gníomhach de chraobh Bhéal Feirste de Chumann na mBan nuair a bunaíodh é, in éineacht le Nora agus Ina Connolly.
Ar an 14 Aibreán 1916, ghair Ó Conghaile Winifred go Baile Átha Cliath, áit ar ullmhaigh sí a orduithe slógaidh d'Arm Cathartha na hÉireann. Tar éis di dul amach le buíon an gharastúin thosaigh, ó Halla na Saoirse Luan Cásca, ba í Carney (armtha le clóscríobhán agus gunnán Webley) an chéad bhean í le linn an Éirí Amach a chuaigh isteach in Ardoifig an Phoist.[1][2] Mheabhraigh sí:
When we have settled in to our occupation and the Tricolour floats from the Post Office standard Connolly takes me out to the centre of O’Connell Street to see the Flag of the Republic wave on high and we shake hands. Meantime the Proclamation is read by [Patrick] Pearse in front of the G.P.O.[3]
Ghéill sí in éineacht le ceannaireacht na bPoblachtánach agus cuireadh i bpríosún i Sasana í ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Níor éirigh le Carney seasamh le Sinn Féin ar ardán do Phoblacht na nOibrithe in oirthear Bhéal Feirste i dtoghchán 1918. Bhí an file náisiúnaíoch uasal Alice Milligan ar dhuine dá lucht tacaíochta.Lean Carney ar aghaidh ag obair don cheardchumann agus í fós ina Phoblachtánach gníomhach, faoi mhuinín cheannaireacht an IRA sa Tuaisceart.
Éirí Amach na Cásca 1916
cuir in eagarTarraingíodh a lán ball de Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann isteach i nGluaiseacht na Poblachta. Bhí Carney i láthair ag an bunú de Cumann na mBan in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath (2 Aibreán 1914). Mar chara de chuid James Connolly, thosaigh sí ag obair leis an Arm Cathartha. Ceapadh í mar rúnaí pearsanta aige. Is cosúil go raibh sí go hiomlán faoi rún aige agus go raibh sí ag teacht go hiomlán lena haidhmeanna réabhlóideacha. Bhí an-scil aici le raidhfilí.
Ar an 14 Aibreán 1916, cuireadh toghairm uirthi dul chuig Baile Átha Cliath, chun cabhair a thabhairt leis na gnéithe deireanach d'Éirí Amach na Cásca a eagrú. Don chéad seachtain eile, chaith sí am s'aici ag chlóscríobh seoltaí agus ordaí slógadh i Halla na Saoirse. Bhí sí mar an t-aon bhean sa cholún a ghabh Ard-Oifig an Phoist ar Luan na Cásca, 24 Aibreán 1916. (tháinig go leor mná ina ndiaidh áfach).
Le linn an Éirí Amach, d'oibrigh sí mar rúnaí Connolly agus, fiú tar éis an chuid is mó de na mná a aslonnú ó Ard-Oifig an Phoist, dhiúltaigh sí imeacht agus thug sí freagra géar ar Phádraig Mac Piarais nuair a mhol sé gur cheart di. D'fhan sí le Connolly sa Cheanncheathrú sealadach ag 16 Sráid an Mhúraigh, ag clóscríobh seoltaí agus ag tabhairt garchabhair dó.
Saol Poblachtánach
cuir in eagarSa Fómhair I 1917 bhí sí ina toscaire do Bhéal Feirste do chomdháil Chumann na mBan , agus cheapadh í ina huachtaráin ar chraobh Bhéal Feirste. Cuireadh I bpriosúin í ar feadh tréimhse in 1918 i phriosúin Armagh and Lewes. Sheas sí ar son Sinn Féin I roinn Victoria I mBéal Feirste san olltoghchán in 1918. Ba í an t-aon bhean a sheas sa toghchán in Éirinn seachas an Constance Markievicz. Ach níor éirí go maith léi, níor bhuaigh sí ach 4% de na vótaí. Chuaigh sí I gcoinne an conradh agus thug sí tacaíocht do phoblachtánaigh ar nós Markievicz agus Austin Stacks. Ar an 25ú de Iúil 1922 gabhadh í ag an RUC agus cuireadh faoi choimeád í ar feadh 18 lá. Dhiúltaigh sí aitheantas a thabhairt don chúirt agus gearradh fíneál de dhá phunt uirthi.
Bás agus Oidhreacht
cuir in eagarChuaigh sláinte Carney in olcas go mór i ndeireadh na bliana 1930 agus fuair Winifred bás ar an 21ú lá de mhí na Samhna 1943 ag aois 55 mar gheall ar eitinn agus cuireadh í ina luí i Reilig Bhaile an Mhuilinn, i mBéal Feirste in uaigh gan mharcáil . Dúirt a garneacht Joan Austin, go raibh sé seo thíos le míshuaimhneas óna deartháir ag aontas Winnie le Georgie . Ach , i 1985 , chuir Cumann Uaigheann na Laocradh Gaedheal, Béal Feirste leac chinn in airde le cead ó George McBride agus ceann de neachtanna Winifred.
Tar éis do Shinn Féin moladh a dhéanamh maidir le dealbh Winifred Carney a thabhairt os comhair Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste in 2017, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ,8 Márta 2024 nochtadh a cosúlacht in éineacht le dealbh den United Irishwoman, leasaitheoir sóisialta agus daonfhuascailteoir Máire Ann Nic Reachtain ar thailte Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Léiríonn an dealbh chré-umha Carney in éide Arm Cathartha na hÉireann.
Tagairtí
cuir in eagarWinifred Carney - A Century Of Women
Carney, Winifred (‘Winnie’) | Dictionary of Irish Biography (dib.ie)
BBC One - Voices 16 - Winifred Carney
Great Women: Winifred Carney - Great Place (greatplacenorthbelfast.com)
IWD 2024: Mary Ann McCracken and Winifred Carney statues unveiled - BBC News
- ↑ McCarthy, Cal (2007). "Cumann Na mBan and the Irish Revolution": 58–59, 64. Cork: The Collins Press.
- ↑ "Women's Involvement in the Irish Easter Uprising of 1916, Dr. Marybeth Carlson – University of Dayton". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-27. Dáta rochtana: 2024-07-25.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB).