Sraith de bhialanna é Wagamama a sholáthraíonn bia Áiseach cumaisc i stíl Bheár Raman Sheapánaigh nua-aimseartha. Tháinig an chéad bhialann Wagamama ar an bhfód sa bhliain 1992 ar Sráid Gower i mBloomsbury, Londain, agus is ann di fós. Tá bialanna ag an tsraith ar fud na Ríochta Aontaithe anois, chomh maith le cinn in Éirinn, san Ollainn, sa Tuirc, san Astráil, i gCuáit, in Dubai, sa Bheilg, i Málta, sa Nua-Shéalainn, san Eilvéis, san Éigipt, sa Chipir, sa Danmhairg, sa Ghréig, agus sna Stáit Aontaithe. Sainmhíníonn an comhlacht wagamama mar "páiste toiliúil/ dána", cé gur cirte an t-aistriúchán ar an aidiacht Sheapánach an focal "leithleasach". [1]