Vodafone
Is comhlacht teileachumarsáide é Vodafone lena cheanncheathrú in Newbury, Sasana. Tagann an t-ainm ó na focail voice data fone.
Sa bhliain 2005, ba é an comhlacht teileachumarsáide is mó ar domhan é de réir an láimhdeachais de (d'éirigh China Mobile níos mó sa bhliain 2005/2006).[1]
Sa bhliain 2023, bhí sé fógartha ag Vodafone go bhfuiltear le 11,000 fostaí a ligean chun siúil as seo go ceann trí bliana, sciar mór den lucht oibre, 10̬% ag an am (bhí thart ar 100,000 fostaithe ag Vodafone i dtíortha éagsula san Eoraip agus san Afraic). Dúirt príomhfheidhmeannach Vodafone ag an am, Margherita Della Valle, go ndearnadh an cinneadh deireadh a chur leis an oiread sin post le fonn gnóthaí an chomhlachta a shimpliú agus le súil an comhlacht a chur i lár an aonaigh arís.[2]
Éire
cuir in eagarCheannaigh Vodafone an grúpa Eircell in Éirinn sa bhliain 2001; athraíodh an branda go Vodafone Ireland plc.[3] Sa bhliain 2023, bhí 1,200 duine fostaithe in Éirinn.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ fiercewireless.com (2006). "Vodafone loses 'crown' as biggest mobile firm to China Mobile". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-16). "Vodafone le 11,000 fostaí a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- ↑ "Eircell" (as en) (2023-02-17). Wikipedia.
Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |