Unicode
Is córas stórála sonraí agus caighdeán i dtionscal na ríomhaireachta é Unicode. Úsáidtear dhá bheart le haghaidh carachtair a stóráil. Tá an córas seo ag teacht i gcomharbacht, nach mór, ar ASCII. Is féidir 65,536 luach éagsúil a stóráil in dhá bheart. Ciallaíonn sé seo gur féidir na carachtair ar fad in aibítrí an domhain a stóráil tríd an gcóras Unicode. Cuireadh an caighdeán i bhfeidhm i dteicneolaíochtaí nua ar nós XML, Java agus córais oibriúcháin nua-aimseartha.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/0/09/New_Unicode_logo.svg/180px-New_Unicode_logo.svg.png)
Tugann Unicode sainmhíniú ar dhá mhodh mapála:
- Na hionchódaithe UTF (Unicode Transformation Format)
- Na hionchódaithe UCS (Universal Character Set)