Go bunúsach, roth cothromaithe le líon maith lann ar thrasghearradh eiteoige, suite go gathach ar a fhleasc. Nuair a ritheann sreabhán go haiseach thar na lanna sin, cuireann sé sin an roth ag rothlú ar a sheafta. Is féidir an rothlú seo a úsáid chun obair fhóinteach sheachtrach a dhéanamh. Nuair is galuisce an sreabhán, tugtar tuirbín gaile ar an inneall. Le huisce mar shreabhán, is tuirbín uisce é. In eitleán turbascairde, suitear an gástuirbín ionas go bhfaightear sá chun tosaigh ó dhíbirt na sceithghás ar gcúl. In eitleán turbailiáin, tiomáineann na sceithgháis tuirbín le comhsheafta le lián, rud a fheabhsaíonn a éifeacht ag luasanna ísle thar éifeacht na scairde amháin.[1]

WD Bosca Sonraí Trealamh RíomhaireachtaTuirbín

Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaim
  1. Hussey, Matt (2011). "Tuirbín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 682.