Trinse san Aigéan Ciúin is ea an Trinse Márianach agus é ag rith ón iardheisceart don tuaisceart, ó oileán Guam go dtí na hOileáin Mháirianacha. Tá a phointe is doimhne i nDuibheagán Challenger, 11 km thíos faoin dromchla san Aigéan Ciúin,[1] an doimhneacht aigéanach is mó ar Domhan.[2]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTrinse Máirianach
(en) Mariana Trench Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálTrinse aigéanach Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNa hOileáin Mháirianacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinna hOileáin Mháirianacha Thuaidh, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 11° 21′ N, 142° 12′ E / 11.35°N,142.2°E / 11.35; 142.2
Suite i nó in aice le limistéar uisceNorth Pacific Ocean (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige−10,994 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleDuibheagán Challenger Cuir in eagar ar Wikidata  (−10,984 m Cuir in eagar ar Wikidata)

Taiscéalaíocht

cuir in eagar
An 'Trieste'

An 'Duibheagán Challenger' (nó 'Challenger Deep'[3]) a thugtar ar an gcuid is doimhne den Trinse Máirianach. Ba i mí Eanáir 1960 a chuaigh an chéad bheirt ann, Don Walsh agus Jacques Piccard (mac le Auguste Piccard).[1] Chuadar síos ann sa Trieste, an tríú batascaife riamh, tógtha sna 1950idí.

Tá dháréag tar éis cuairt a thabhairt ar an ngealach ach níl ach triúr tar éis cuairt a thabhairt ar An Trinse Máirianach.[4] Ar an 26 Márta 2012, ba é James Cameron an tríú duine a chuaigh síos ann. Is stiúrthóir scannán agus taiscéalaí cáiliúil aigéan é.

Ina aonar a rinne Cameron an tumadh agus é san fhomhuireán Deepsea Challenger. Sheol sé ar ais an tvuít seo nuair a bhain sé tóin na farraige amach:

‘Just arrived at the ocean’s deepest pt. Hitting bottom never felt so good. Can’t wait to share what I’m seeing w/you.’[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. "Challenger Deep" (as en) (2021-07-21). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.