An Tréimhse Threasach

(Athsheolta ó Treasach)

Is seantéarma geolaíochta, i léig anois, é an Tréimhse Threasach[1] ar an tréimhse is luaithe den dá thréimhse sa ré Chéineasóch, ó 65 milliún go 2.6 milliún bliain ó shin. Cuimsíonn an tréimhse Threasach dhá thréimhse de réir téarmaíocht an lae inniu: an Tréimhse Phailéigéineach agus an Tréimhse Neoigineach. Go luath sa tréimhse tharla tógáil ollmhór sléibhte (na hAlpa, na Himileithe, na hAindéis, na Creagaigh) agus rinneadh éagsúlacht mhór i measc na mamach.[2]

  1. “tréimhse Threasach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Treasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.