I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí ar Éireann ba ea Tiarnmhas (Sean-Ghaeilge Tigernmas[1]) mac Follaigh, mac Ethriel, de shliocht Éiremhóin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarTigernmas
Cineáldia de chuid na gCeilteach
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairFollach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíEnboth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim nuair a dhíbrigh sé a réamhtheachtaí Conmhaol i gCath Aonach Mhacha. Laistigh d'aon bhliain dá theacht i gcoróin, bhuaigh sé seacht gcath is fiche in éadan sliochtach Eber Finn, ag cloí nach mór an sliocht go léir.

Deirtear gur bruithníodh ór don chéad uair riamh i rith a réimis, ag an ngabha, Iuchadán. Ba é Tiarnmhas an chéad rí a thug coirn dá lucht coimhdeachta. Ba é an chéad a chaith éadaí daite le corcra, gorm agus uaine, agus cóirithe le dealga, frainsí agus seoda. Agus é ina rí, tharla deich dtomhaidhm, seacht loch agus trí abha.

Bhí Tigearnmhas i gcoróin ar feadh 70 bliain (nó 100 bliain de réir an Leabar Fidhnacha[2], lch. 23). Fuair seisean agus trí cheathrú d'fhir na hÉireann bás ar Mhaigh Sléacht[3] agus Crom Cruach á adhradh acu, dia gránna a mhaolaíodh le híobairt daonna.[4][5] De réir Annála na gCeithre Máistrí, bhí idir-riocht in Éirinn ar feadh seacht mbliana tar éis a bháis, sular thóg Eochaid Étgudach an ríogacht.[6]

  1. tigernmas ar eDIL; tiarnúil
  2. Fíonach, Contae Liatroim, ar logainm.ie
  3. Maigh Sléacht ar logainm.ie
  4. 4.0 4.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 198-209
  5. Edward Gwynn (eag. & aistr.), Dindshenchas Aoi Iml. 3, dán 50, Iml. 4, dán 7
  6. 6.0 6.1 Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Iml. 1, ól . 39-44
  7. The Laud Synchronisms ar CELT
  8. Dáithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag .& aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1 Alt 25


Réamhtheachtaí
Conmáel
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1621–1544 RC
FFE 1209–1159 RC
Comharba
Eochaid Étgudach