Teilifíseán
Feadán ga-chatóideach ar leith a bhí i dteilifíseán sa 20ú haois. Sa chás seo tá dhá voltas shábhfhiaclacha, ceann amháin a athdhéanann a chlaonadh ag minicíocht 25 Hz is a shraonann an pointe breo go ceartingearach ó bharr go bun, agus an ceann eile a shraonann an pointe breo go cothrománach ó chlé go deas 625 uair le linn tréimhse amháin den sraonadh ceartingearach.
Sonraí bunúsacha | |
---|---|
Úsáid | siamsa |
An sraonadh líne a thugtar ar an dara ceann seo, agus is é an sraonadh fráma an chéad cheann. Agus iad ag feidhmiú le chéile, is amhlaidh a shraonann siad an pointe breo i bhfiarláin chun fráma iomlán de 625 líne a ghrinniú 25 uair gach soicind.
Le linn grinneadh gach líne soláthraítear an comhartha físe do ghreille sa leictreonghunna, rud a mhodhnaíonn déine an léas leictreon, rud a mhodhnaíonn déine lonrach an tsolais a astaítear ag an bpointe breo ar an scáileán.
I bhfráma ar bith mar sin, is féidir patrún an lonraithe sa radharc a léiriú. Má bhíonn gluaiseacht sa radharc céanna, is féidir í a léiriú chomh maith de bhrí go n-athdhéantar an fráma 25 uair gach soicind.
Stair
cuir in eagarAr an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)[1]. Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ https://en.wiki.x.io/wiki/WRGB
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teilifíseán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |