Taiscéalaithe Marsa
Sraith spásárthach róbatach de chuid an Aontais Shóivéadaigh chun Mars a thaiscéaladh (1962-1974). Chuimsigh siad eitiltí thart, fithiseoirí, agus árthaigh a tháinig i dtír ar Mhars. Fuarthas íomhánna Marsa ar ais ó Mars 5 i 1974. I 1988 lainseáil na Sóivéadaigh dhá aistear chun fithisiú thart ar Mhars is bualadh leis an tsatailít nádúrtha Phobos. Shroich ceann acu an fhithis thart ar Phobos, ach cailleadh é roimh thuirlingt. I 1996 lainseáladh spásárthach an-uaillmhianach go Mars, le cuidiú cuid mhaith pairtnéirí Eorpacha, ach cailleadh é nuair a theip ar an 4ú céim den roicéad lainseála.[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Taiscéalaithe Marsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 640.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |