Táibléad grafaice
Gaireas lenar féidir gluaisní pinn thar dhromchla ar leith a aistriú ina n-ionchur digiteach i ríomhaire. Soláthraíonn sé seo bealach chun eolas déthoiseach, cosúil le léarscáil nó líníocht, a aistriú i bhfoirm ar féidir le ríomhaire é a léamh. Úsáidtear go forleathan é i bhfeidhmeanna innealtóireachta is deartha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Táibléad grafaice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 638.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |