Siobhán McSweeney
Is aisteoir agus láithreoir Éireannach í Siobhán McSweeney (a rugadh ar 27 Nollaig 1979 ). Tá cáil uirthi ón ról a ghlac sí mar Sister Michael in Derry Girls .[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Nollaig 1979 45 bliana d'aois Contae Chorcaí, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Mhuire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir (2021–), aisteoir scannáin, aisteoir |
|
Go luath ina saol
cuir in eagarRugadh McSweeney i gContae Chorcaí, Éire agus tógadh í in Eatharla. Sula raibh sí ag aisteoireacht, bhain sí céim eolaíochta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sa bhliain 2001, bhog sí go Londain nuair a fuair sí áit sa Central School of Speech and Drama.[2]
Gairm bheatha
cuir in eagarBa é páirt Julia sa scannán The Wind That Shakes the Barley an chéad ról a bhí ag McSweeney sa bhliain 2006.[3]
Ó 2018, ghlac McSweeney ról mar bean rialta, Sister Micheal, sa chlár teilifíse Derry Girls ar Channel 4, arna scríofa ag Lisa McGee. Bhuaigh McSweeney duais Bafta in 2023 do Derry Girls.[4]
Rinne McSweeney páirt Petra i dtrí chlár de Collateral chomh maith. Ó Eanáir 2021 amach, ceapadh ina láithreoir í ar The Great Pottery Throw Down ar Channel 4. Ní raibh sí le feiceáil sna eipeasóid tosaigh sa bhliain 2022, mar bhí sí tar éis a cos a bhriseadh. Sheas Ellie Taylor isteach ar a son.
A caidreamh leis an Ghaeilge
cuir in eagarBa as Gaeltacht Mhúscraí é athar McSweeney, Traolach.[1] Nuair a cuirtear ceist uirthi ar mian léi a bheith ag obair ar scannán nó clár teilifíse as Gaeilge, dúirt sí "Of course. I'd love to do that, but I've never been offered anything from TG4, or any series as Gaeilge."
Bíonn McSweeney ag seoladh tvuíteanna as Gaeilge ó am go ham.[5]
Scannánaíocht
cuir in eagarBliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
2006 | The Wind That Shakes the Barley | Julia | |
2007 | Emmerdale | Nurse 2 | Eipeasóid 1 |
2011 | National Theatre Live: The Kitchen | Anne | |
2013 | London Irish | Aoife | Eipeasóid 1 |
2013–2014 | The Fall | Mary McCurdy | 7 n-eipeasóid |
2015 | Mr. Holmes | Una Gilbert | |
No Offence | Ruth Cheetham | ||
2016 | National Theatre Live: As You Like It | Audrey | |
Alice Through the Looking Glass | Witzender | ||
2017 | Big Dog | Social Worker | Gearrscannán |
2018–2022 | Derry Girls | Sister George Michael | Príomhról |
2018 | Collateral | Petra | 3 eipeasóid |
2019 | Extra Ordinary | Boring Noreen | |
Porters | Alice | 3 eipeasóid | |
2020 | The Widow | Eileen | Gearrscannán |
Scrubber | Scrubber | ||
2022 | Holding | Bríd Riordan | |
Redemption | Jane Connolly |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Ireland's top sister act" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-05-27.
- ↑ Interview by Larissa Nolan. "Derry Girls star Siobhán McSweeney on moving to London as a student" (en). Dáta rochtana: 2022-05-27.
- ↑ "The Wind that Shakes the Barley (2006) - IMDb" .
- ↑ Naman Ramachandran,Manori Ravindran, Naman Ramachandran, Manori Ravindran (2023-05-15). "BBC Cut ‘Derry Girls’ Star Siobhan McSweeney’s Political Statement From BAFTA Speech Due to ‘Time Constraints’" (en-US). Variety. Dáta rochtana: 2024-04-12.
- ↑ "https://twitter.com/siobhni/status/1083664413775876096" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-05-27.