Simón Bolívar
Bhí Simón Bolívar (nó Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios), 24 Iúil 1783 - 17 Nollaig 1830, ina cheannaire réabhlóideach. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa pholaitíocht i Meiriceá Theas sa 19ú haois, go háirithe i Veiniséala, Eacuadór, an Bholaiv, Panama agus an Cholóim.
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Bolívar i gCaracas, Veiniséala ar an 24 Iúil 1783. Phós sé in 1802 ach fuair a bhean bás laistigh de bhliain agus níor phós sé arís. Bhain sé le teaghlach uasal a tháinig ar dtús as Tír na mBascach, agus rinne siad a saibhreas as mianaigh óir agus copair i Veiniséala ó 1632 i leith. Níos déanaí, bhí Bolívar ábalta an saibhreas sin a úsáid chun na cogaí réabhlóideacha i Meiriceá Theas a mhaoiniú.
Fuair Bolívar a chuid oideachais sa bhaile tar éis dá thuismitheoirí bás a fháil, agus bhí an-tionchar ag duine dá mhúinteoirí, Simon Rodriguez, ar an fhear óg.
Chuaigh Bolívar chun na Spáinne i 1799 chun bailchríoch a chur ar a chuid oideachais. Ba ann a casadh a bhean, Maria Tereza, air. Chaith sé tamall ag obair do Napoléon Bonaparte.
El Libertador
cuir in eagarD'fhill Bolívar ar Veiniséala i 1807. Bhí sé páirteach sa troid in aghaidh Napoléon nuair a rinneadh rí na Spáinne de Joseph Bonaparte. D'fhógair an 'junta' i gCaracas a neamhspleáchas i 1810. Cuireadh Bolívar go Sasana ar mhisean taidhleoireachta.
I 1813 bhí Bolívar i gceannas ar ionradh míleata ar Veiniséala. Ghabh sé Mérida ar an 23 Bealtaine 1813, agus fógraíodh gurb é an Fuascailteoir (El Libertador) é. Lean cogadh a mhair sé bliana go dtí gur éirigh le Bolívar tír fheidearálach neamhspleách a chruthú darbh ainm Gran Colombia.
Lean an troid in aghaidh na Spáinne ar feadh na mblianta eile. Saoradh Peiriú in 1824.
Ar an 6 Lúnasa 1825 cuireadh Poblacht na Bolaive ar bun in ómós do Bolívar, agus scríobh sé bunreacht don tír nua.
Theastaigh ó Bolívar tír mhór fheidearálach a bhunú a bheadh cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí an oiread sin easaontais ann gur fhógair sé é féin ina dheachtóir ar Gran Colombia i 1828. Lean an t-achrann ar aghaidh áfach. D'éirigh sé as oifig ar an 27 Aibreán 1830.
Fuair Bolívar bás den eitinn ar an 17 Nollaig 1830.