Sráid Fhearchair
Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Fhearchair,[1] a shíneann ó dheas ó Fhaiche Stiabhna ar feadh thart ar leathchiliméadar. Dea-shampla d’ailtireacht Sheoirseach is ea Sráid Fhearchair.
Cineál | sráid | |||
---|---|---|---|---|
Lonnaithe | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
|
Stair
cuir in eagarAinmníodh an tsráid i ndiaidh Simon Harcourt, 1ú Iarla Harcourt. Bhí sé ina chéad tiarna leifteanant na hÉireann ó 1772 go 1776.[2]
Tógadh stáisiún traenach sa bhliain 1859. Dúnadh an stáisiún i 1958.
Roimhe seo bhí an Municipal Gallery of Modern Art suite ar Shráid Fhearchair.
6 Sráid Fhearchair
cuir in eagarTá Uimhir a 6 Sráid Fhearchair fite fuaite i mór-ghluaiseachtaí cultúir agus polaitíochta na tíre le breis 'is dhá chéad bliain. Mac an fheisire parlaiminte John Blackwood, Hans a thóg an teach sa bhliain 1786 agus b'eisean an chéad duine sa teach a raibh tionchar aige ar stair na tíre nuair a chaith sé vóta ar son Acht an Aontais.[3]
Ba san fhoirgneamh a bhunaigh John Henry Newman Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
Bhí ceannáras ag Sinn Féin san fhoirgneamh agus ba anseo a bhunaigh siad banc dá gcuid fhéin. Bhí Micheál Ó Coileáin an-ghníomhach san fhoirgneamh agus ba anseo a rinneadh an cinneadh Dáil Éireann a bhunú i 1919.
Mar chomhartha buíochais as an bhaint a bhí aige le gluaiseacht na hathbheochana agus na saoirse, bhronn an Stát Uimhir a 6 ar Chonradh na Gaeilge i 1965. In 2024, dúnadh ceannáras Chonradh ar feadh 3 bliana. In 2020 fuair Conradh cead pleanála chun mór-fhorbairt a dhéanamh ar an cheannáras. Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió i measc na n-áiseanna nua a bheidh ar fáil san ionad nua, sa bhliain 2027.
Daoine
cuir in eagarÁirítear ar na daoine a raibh baint acu le Sráid Fhearchair ná:
- Edward Carson (1854—1935), polaiteoir
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, Harcourt Street
- ↑ "1776 – Harcourt Street, Dublin | Architecture @ Archiseek.com". web.archive.org (2024-09-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-03. Dáta rochtana: 2024-09-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-03). "CnaG ag ullmhú le bogadh amach as uimhir 6 Shráid Fhearchair" (as ga-IE).