Shenzhen
Cathair i ndeisceart chúige Guangdong i nDaonphoblacht na Síne is ea Shenzhen (Sínis : 深圳 Cantainéis: sāmjan; Hanyu pinyin Shēnzhèn). Tá Shenzhen suite ar an gcósta go díreach lastuaidh de Hong Cong. Tá sé ar cheann de na calafoirt coimeádán is gnóthaí ar domhan. Is é an príomhionad airgeadais i ndeisceart na Síne é. Bhí 10,630,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2013.
Shenzhen | |||||
---|---|---|---|---|---|
深圳 (zh) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne | ||||
Province of China (en) | Guangdong | ||||
Príomhchathair | Ceantar Futian | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 10,628,900 (2013) | ||||
• Dlús | 5,321.71 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an tSínis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Pearl River Delta (en) | ||||
Achar dromchla | 1,997.27 km² | ||||
Airde | 0 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1979 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Shenzhen Municipal People's Government (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Shenzhen Municipal People's Congress (en) | ||||
• Méara Shenzhen | Chen Rugui (2017–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 518000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 755 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | sz.gov.cn |
Is é an bhrí atá le hainm na cathrach ná "claiseanna doimhne", tagairt do na srutha agus claiseanna a bhíodh líonmhar sular cuireadh tús leis an fhorbairt uirbeach ann sa cheathrú deireanach den 20ú haois.
I mí na Bealtaine, 1980, chuir rialtas Dhaonphoblacht na Síne Crios Eacnamaíoch Speisialta ar bun sa cheantar ina bhfuil Shenzhen anois, an chéad cheantar den chineál sin sa tír, rogha loighciúil mar tá Shenzhen suite chomh cóngarach do Hong Cong, príomhchalafort an réigiúin a bhí ina choilíneacht Bhriotanach ag an am. Ní raibh ach 30,000 duine ina gcónaí i Shenzhen ag an am.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |