Sean Hales
Téachta Dála agus briogáidire-ghinearál ab ea Seán Hales, a bhí (30 Márta 1880 - 7 Nollaig 1922). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus i bhfabhar an Chonartha .
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Márta 1880 Baile na Daibhche |
Bás | 7 Nollaig 1922 42 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Teachta Dála | |
9 Meán Fómhair 1922 – 7 Nollaig 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 3ú Dáil Toghcheantar: Corcaigh Lár, Thuaidh, Theas, Thoir Theas, agus Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1922 | |
Teachta Dála | |
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 2ú Dáil Toghcheantar: Corcaigh Lár, Thuaidh, Theas, Thoir Theas, agus Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1921 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teangacha | Béarla |
As Baile na Daibhche i gContae Chorcaí dó, bhí seisean agus a deartháireacha Tom, Dónal agus Robert gníomhach in Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse.
Marú
cuir in eagarMharaigh Óglaigh frith-Chonartha Hales, de thaisme, ar Ché Urumhan i mBaile Átha Cliath. Bhí siad ag iarraidh Pádraic Ó Máille, TD, a mharú. Gortaíodh Ó Máille ach thiomáin sé Hales chun an ospidéil.[1]
Bhain an rialtas díoltas amach go díreach. Ar 8 Nollaig 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach, duine ó gach cúige, chun báis. Lámhachadh Liam Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir (an-mhór le Kevin O'Higgens, an tAire Dlí agus Cirt, a shínigh an t-ordú[2]), Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid (an mhór le Hales),[3][4] mar bheart díoltais. Básuithe neamhdhlíthiúla amach is amach a bhí ann. Bhain na heachtraí seo an anáil de mhuintir na hÉireann.[5][6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ó MÁILLE, Pádraig (c.1878–1946)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.
- ↑ Bhí Ó Conchúir ina vaidhtéir ag a bhainis ǃ
- ↑ Review: Ryle Dwyer (2016-10-09). "FIRST THOUGHTS: Family that symbolised Civil War division" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-07.
- ↑ Físeán le British Pathé : aifreann éagnairce Hales agus portráid Higgins, srl. "The Late Brigadier Sean Hales" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-12-07.
- ↑ Houses of the Oireachtas (1922-01-07). "DEBATE ON TREATY – Dáil Éireann (2nd Dáil) – Saturday, 7 Jan 1922 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.
- ↑ "Seán Hales killed en route to Dáil as attacks on politicians’ homes increase | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.