Seán P. Ó hÉalaí
Iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Comhar, Scéala Éireann, srl ba ea Seán P Ó hÉalaí (a d'éag ar 6 Mairt 2023 agus as Doire ó dhúchas dó).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Doire, Northern Ireland |
Bás | 6 Márta 2023 |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse laraingeach) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Gairm | iriseoir, craoltóir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Saol
cuir in eagarBhí Seán P Ó hÉalaí páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí, agus leis an bhfeachtas toghchánaíochta a reáchtáladh do Pheadar Mac an Iomaire.[2]
Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris Comhar i dtús na seachtóidí.
Thug sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag obair do Nuacht RTÉ. Ba é an chéad Chomhfhreagraí don Iarthuaisceart ag an tseirbhís sin agus bhíodh tuairiscí rialta aige faoi na Trioblóidí.
D’fhág sé RTÉ ag tús na n-ochtóidí chun dul ag obair mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Press (Scéala Éireann) agus d’fhan sé leis an nuachtán sin nó gur dúnadh é i 1995.
Chuaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc ina dhiaidh sin. I measc na gclár ar RnaG a raibh baint aige leo mar láithreoir nó léiritheoir bhí Ardán na nEalaíon agus na hirischláir ón ardchathair An Chaint sa Chathair agus Glór Anoir.[3] D’éirigh sé as in 2012.
Bhíodh sé ag soláthar colúin Ghaeilge (Beocheist) don Irish Times ar feadh na blianta.[4]
Pearsanta
cuir in eagarBa charachtar lán de bheocht é a raibh joie de vivre ag baint lena chuid oibre sna meáin,[5] Ba cheoltóir den scoth é, amhránaí agus giotáraí. Chas sé ceol le Dáithí Sproule agus Mícheál Ó Domhnaill lena linn.
Ar scor, bhí cónaí air i gCros Araild i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn.
Bhuail ailse scornach é agus chaill sé a ghuth iontach le linn na 2010idí. Fuair sé bás ar 6 Márta 2023.[6]
Féach freisin
cuir in eagar- Seán Ó hÉalaí, 1938-2017, iriseoir as Contae Mhaigh Eo
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Death Notice of Seán (John) Ó hÉalaí (Healy)" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-09). "Seán P. Ó hÉalaí ar shlí na fírinne" (as ga-IE).
- ↑ "Seán P Ó hÉalaí, iriseoir ‘géarintinneach’ a raibh ‘scil agus saineolas’ aige, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
- ↑ ""Beocheist" site:irishtimes.com - Cuardach Google". www.google.com. Dáta rochtana: 2023-03-11.
- ↑ le Cormac Ó hEadhra (2023). "Tús Áite: Mír in Ómóis do t-iar (sic) chraoltóir RnaG Seán P Ó hÉalaí" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-03-10.
- ↑ The death has occurred of Seán (John) Ó hÉalaí (Healy) RIP.ie, 2023-03-06.