Scannal íocaíochta RTÉ
Bhí RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh iad i mí an Mheithimh 2023 go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, láithreoir mór le rá, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí,[1] agus chun an chuma a chur ar an scéal go raibh Tubridy ag fáil pá níos lú ná €500,000 sa bhliain.
Cineál | scannal polaitiúil | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2020í | ||
Tír | Éire | ||
Rannpháirtí | |||
Croineolaíocht | |||
Toy Show The Musical (en) | |||
The Late Late Show | |||
Ag an am céanna, bhí ciorruithe á moladh go haer ag Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ ag an am[2] (ceapadh í in 2016 agus tugadh bata agus bóthar di in 2023).
Tháinig sé chun solais in 2024 gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra d'fheidhmeannaigh shinsearacha Raidió Teilifís Éireann sna 2010idí agus 2020idí.
Chroith na scannail muinín an phobail sa chraoltóir náisiúnta agus bhain na conspóidí siar as an Rialtas ag an am.
Cúlra
cuir in eagarTuarastail phearsantachta RTÉ
I mí na Nollag 2018, d'fhoilsigh RTÉ liosta na dtuarastal a íocadh lena 10 bpearsantacht b'airde pá in 2016: Ryan Tubridy: €495,000 (agus uasteorainn €500,000 i bhfeidhm, mar dhea); Ray D'Arcy: €450,000; Joe Duffy: €389,988; Sean O'Rourke: €308,964; Marian Finucane: €300,617; Miriam O'Callaghan: €299,000; Claire Byrne: €216,000; Bryan Dobson: €198,146; George Hamilton: €186,195; Mary Wilson: €185,679
Conspóid Tubridy
cuir in eagarAr an 22 Meitheamh 2023, d'admhaigh RTÉ gur íoc RTÉ €345,000 faoi cheilt le Ryan Tubridy, airgead sa bhreis ar a thuarastal nár tuairiscíodh don phobal ná don Oireachtas.[3] Tháinig an scannal chun solais tar éis fiosrú ón iniúchóir Deloitte.[4]
In 2020, scríobh Breda O'Keeffe, Stiúrthóir Airgeadais RTÉ ag an am, chuig Tubridy agus a ghníomhaire: "Rinneamar dul chun cinn maith faoin gcuma a bheadh ar an socrú tráchtála…agus is féidir linn litir thánaisteach a chur ar fáil duit chun an táille a fhrithghealladh do thréimhse an chonartha."[5]
Íocaíochtaí iomarcaíochta
cuir in eagarLe linn 2023, dhiúltaigh RTÉ conradh fostaíochta Forbes a sholáthar do Choiste na gCuntas Poiblí i nDáil Éireann, agus eolas a sholáthar maidir leis na pacáistí airgeadais scoir a tugadh di agus d'iar-Stiúrthóir Tráchtála an chraoltóra, Geraldine O'Leary agus iar-Phríomh-Oifigeach Airgeadais, Breda O'Keefe.[6]
Ach sa bhliain 2024, tháinig sé chun solais gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ sna 2020idí. Mar shampla tugadh íocaíocht €450,000 d'iarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe nuair a d'fhág sí an eagraíocht faoi scéim iomarcaíochta in 2020.
Cheadaigh Bord RTÉ an íocaíocht, a dúradh, ach níor cheadaigh Bord RTÉ an íocaíocht mar ba chóir de réir rialacha RTÉ. An rud a tharla ná rinne Breda O'Keeffe "cás gnó" ar son an iomarcaíocht a cheadú di agus gur idir í féin agus Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am Dee Forbes a pléadh an scéal.[7]
Seó na mBréagán
cuir in eagarBhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro.[8]
Iarmhairtí
cuir in eagarShocraigh an Rialtas in 2022 go gcoimeádfar an ceadúnas teilifíse ach go ndéanfar "athchóiriú" air.[9] Ach níor tharla faic. Tháinig brú nua in 2024 ar an Rialtas córas úr maoinithe do na meáin sheirbhíse phoiblí a thabhairt isteach.[10]
I mí Feabhra 2024, dúirt Mary Lou McDonaldí go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán.[8]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-15). Dáta rochtana: 2024-02-21.
- ↑ Sinéad Crowley (2019-11-06). "RTÉ to cut jobs and pay to address financial crisis" (as en).
- ↑ "Ryan Tubridy will not be on radio on Friday amid controversy over how RTÉ paid him extra €345,000" (en). Irish Independent (2023-06-22). Dáta rochtana: 2024-06-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-26). "Ceannasaí RTÉ tar éis éirí as faoin scannal íocaíochtaí" (as ga-IE).
- ↑ "'Tá drochsmál curtha ar m'ainm' – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-07-11). Dáta rochtana: 2024-02-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-22). "Níl conradh fostaíochta Dee Forbes á sholáthar ag RTÉ" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTE (2024-02-14). "€450,000 a íocadh le Breda O'Keeffe nuair a d'fhág sí RTÉ" (as ga).
- ↑ 8.0 8.1 Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-12). "An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá - an Rialtas" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-19). "Íocaíochtaí scoir: 'comhairle dlí úr le fáil ag RTÉ gan mhoill'" (as ga-IE).