Scáileán teilgeora
scáileán bán a dteilgtear íomhánna air
(Athsheolta ó Scáileán (grianghrafadóireacht))
Sa ghrianghrafadóireacht, an dromchla a dtaispeántar an íomhá air, frithchaiteach i dteilgean ón tosach is tréshoilseach i dteilgean ón taobh thiar. Ní mór go n-oiriúnaíonn na tréithe frithchaite do na coinníollacha féachana. Más neamhlonrach réscaipeach an scáileán, is féidir an íomhá a fheiceáil thar uillinn leathan. Más dromchla miotalaithe nó gloinithe é, ní bhíonn an íomhá le feiceáil ach taobh istigh d'uillinn ghéar os a comhair amach. Sa phictiúrlann bíonn an scáileán pollta le patrún de phoill bheaga chun nach maolófar an fhuaim ó na callairí taobh thiar de.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scáileán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 579.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |