Salsabh
speiceas plandaí
Is planda a bhíonn débhliantúil de ghnáth é an salsabh[1] (Tragopogon porrifolius). Fásann sé 1.25 m ar airde, dúchasach do réigiún na Meánmhara. An bhunfhréamh sorcóireach, na duilleoga cosúil le féar, cinn na mbláthanna aonarach, vialait/corcra, timpeallaithe ag 8 mbracht. An toradh mar a bheadh paraisiút mór cleiteach gruaige. Saothraítear go forleathan é ar son na fréimhe inite méithe, agus uaireanta mar mhaisiúchán.[2]
Tragopogon porrifolius | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Géineas | Tragopogon |
Speiceas | Tragopogon porrifolius L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Tragopogon porrifolius” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Salsabh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 576.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |