Rudolf Hess
Ba Naitsí cáiliúil é Rudolf Walter Richard Hess 26 Aibreán 1894 – 17 Lúnasa 1987.
Naitsí
cuir in eagarMein Kampf: Chabhraigh Hess leis an leabhar a chur le chéile. Cáipéis thábhachtach idé-eolaíoch a bhí i gceist leis an leabhar a scríobh Adolf Hitler nuair a bhí sé ina phríosúnach i Landsberg sna 1920idí. Le fírinne, bhreac Hess (agus Emil Maurice) síos an scéal ó bhéal Hitler. Sa leabhar seo, dheimhnigh Hitler cuspóirí na Naitsithe. Ní luaitear Hess mar chomhúdar in aon eagrán den leabhar.
Ar an 21 Aibreán 1933, bhí Hess ainmnithe mar “Stellvertreter” nó Tánaiste ag Adolf Hitler.
Príosún agus féinmharú
cuir in eagarAr an 14 Bealtaine 1941, tháinig Hess anuas le paraisiút Hess in Albain (Eaglesham, ó dheas de Ghlaschú). B'fhéidir go raibh sé as a mheabhair ag an am sin.
Chaith Hess an chuid eile dá shaol i bpríosún.
Chuir Hess lámh ina bhás féin, is cosúil, ar an 17 Lúnasa 1987 i mBeirlín. An Naitsíoch deireanach i ngéibhinn ag an am.