Ruairí Ó Flaithearta (I)
rí Éireannach
Rí Iar Chonnacht ba ea Ruairí Ó Flaithearta (Meán-Ghaeilge Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh) (bás 1061).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1061 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Aodh Ó Flaithearta (I) |
Athair | Muireadhach ua Flaithbheartaigh |
Beatha
cuir in eagarSa bhliain 1051, bhí Maigh Sheola cloíte ag Aodh an Gha Bhearnaigh, rí Chonnacht ó 1046 go 1067, agus rinne sé a rí a dhalladh. Tháinig Ruaidhrí i gcoróin sa bhliain 1059. D'éirigh sé agus a mhuintir amach, agus tharla Cath Ghleann Phádraig dá bharr.
Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[1]
- Maidhm Glinne Pattraicc ria n-Aodh Ua Conchobhair for Iarthair Connacht, in ro mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & ro dicendadh é, & ruccadh a ceann co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac Aodha mic Ruaidhri
- Maidhm Ghleann Phádraig ag Aodh Ó Conchúir ar Iarthar Chonnacht, inar maraíodh uile agus Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, tiarna Iarthar Chonnacht, agus dícheannadh é, agus rugadh a cheann go Cruachain na gConnacht, tar éis d'Aodh mac Ruaidhrí do chliseadh.
An bhliain dár gcionn, deirtear sna hannála úd:[2]
- Tadhg, mac Aodha Uí Concobhair, do marbhadh lá mac Aodha mic Ruaidhri, & la h-Iarthar Connacht
B'fhéidir é gur sinsear chlann Mhic Aodha é garmhac Ruairí, Muireadhach mac Aodha (bás 1124).
Foinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
- Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
cuir in eagar
Réamhtheachtaí Cathal mac Tigernáin |
rí Iar Chonnacht 1059–1061 |
Comharba Aedh Ua Flaithbheartaigh |