Ros Comáin–Gaillimh (Dáilcheantar)

Dáilcheantar

Is Dáilcheantar 3 suíochán é Ros Comáin–Gaillimh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRos Comáin–Gaillimh

Suíomh
Map
 53° 43′ N, 8° 21′ O / 53.72°N,8.35°W / 53.72; -8.35
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2016
Aitheantóir tuairisciúil

In Olltoghchán 2024, bhí an chuid de Ghaillimh a bhí sa dáilcheantar seo laghdaithe agus cuid de Ros Comáin, a bhí i Sligeach-Liatroim, faighte ar ais. D'fhág sin go raibh contae Ros Comáin ar fad sa dáilcheantar chomh maith le thart ar 10,000 vóta i stráice de chontae na Gaillimhe, a shíneann ó Béal Átha na Sluaighe go Baile Liam.[1]

Michael Fitzmaurice (II), 2023
Claire Kerrane, SF, 2021

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

In Olltoghchán 2016, toghadh Eugene Murphy (FF), Michael Fitzmaurice (Neamhspleách), Denis Naughten (Neamhspleách)

Olltoghchán 2020

Toghadh Michael Fitzmaurice (Neamhspleách), Denis Naughten (Neamhspleách) agus Claire Kerrane (Sinn Féin) mar Theachtaí Dálaí in Olltoghchán mí Feabhra 2020. Ní bhfuair Fianna Fáil suíochán in 2020 ; chaill Eugene Murphy suíochán an pháirtí le Kerrane (SF).

Olltoghchán 2024

Ochtar iarrthóirí a bhí ag seasamh, ina measc beirt a toghadh in 2020: Michael Fitzmaurice (Ind Ire) agus Claire Kerrane (SF).

Níor roghnaigh Fiann Fáil an iar-TD Murphy ag an gcoinbhinsiún in 2024, ach bhí sé san iomaíocht mar iarrthóir neamhspleách.

Shocraigh Denis Naughten (Nspl) gan seasamh in 2024. Cúlra Fhine Gael a bhí ag Denis Naughten. D’éirigh lena dheartháir, an Comhairleoir John Naughten, ainmniúchán a fháil ó Fhine Gael le suíochán a dhearthár a fháil ar ais don pháirtí agus a choinneáil sa gclann, ach fuair John bás tobann mí Dheireadh Fómhair 2024.

Bhí Michael Fitzmaurice (Independent Ireland) ar bharr an chomhairimh agus vótaí le spáráil aige, mar a bhí in 2020. Is urlabhraí cumasach é dá pháirtí agus is minic é ar na meáin chumarsáide ag caint ar ‘common sense policies’, mar a dhearfá.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Martin Daly (FF), Claire Kerrane (SF) agus Michael Fitzmaurice (Independent Ireland).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (19 Samhain 2024). "Seans ag FF ar dhá shuíochán i Sligeach-Liatroim, Michael Fitzmaurice ina máistir i Ros Comáin-Gaillimh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.