Richard Bruton
Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Richard Bruton (Gaeilge: Risteard de Briotún; rugadh é ar an 15 Márta 1953) agus Teachta Dála (TD) é do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh Láir ón mbliain 1982 i leith.[1] Bhí sé mar Aire Fiontair agus Fostaíochta i rith na mblianta 1994 go 1997. B'é urlabhraí an fhreasúra ar chúrsaí Airgeadais agus Leas-cheannaire Fhine Gael go dtí an 14 Meitheamh 2010 nuair a bhris ceannaire an pháirtí Éanna Ó Cionnaith ó na rólanna sin é.[2] Ceapadh é mar Aire Fiontar, Trádála agus Nualaíochta i mí Márta 2011 sa chomhrialtas idir Fhine Gael agus an Lucht Oibre a bunaíodh tar éis olltoghchán mhí Feabhra 2011.
Sheas Bruton san Olltoghchán 2016 agus d'éirigh leis greim a choimeád ar a shuíochán Dála. Ceapadh mar Aire Oideachais é tar éis bunú rialtais nua
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Mr. De Briotún Risteárd" - Oireachtas Members Database Faighte 3 Meán Fómhair 2009.
- ↑ "Richard Bruton sacked as FG deputy leader". RTÉ News. 14 June 2010. Faighte ar an 14 Meitheamh 2010.
Naisc
cuir in eagar- Sheridan, Kathy (6 December 2008). "The Mr Nice Guy of Irish politics". The Irish Times. Faighte ar an 7 Nollag 2008.