Rialtas Vichy na Fraince
Bhí Rialtas Vichy na Fraince (Fraincis: Régime de Vichy) ar teaghrán ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, ó 10 Iúil 1940 go 9 Lúnasa 1944. Cé gurbh é Páras an phríomhchathair in ainm, bunaíodh an rialtas sa bhaile saoire Vichy sa limistéar nach raibh faoi fhorghabháil na Naitsithe (la zone libre), áit a raibh sé freagrach as riarachán sibhialta na Fraince agus a cuid coilíneachtaí.[1]
Rialtas Vichy na Fraince | |||||
---|---|---|---|---|---|
État français (fr) | |||||
|
|||||
Aintiún | Maréchal, nous voilà ! | ||||
Mana | «Travail, famille, patrie» | ||||
Ainmnithe in ómós | Vichy | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | France libre | ||||
Príomhchathair | Páras agus Vichy | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Reiligiún | Caitliceachas | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Troisième République | ||||
Díscaoileadh | 29 Lúnasa 1944 | ||||
1938 10 Iúil 1940: | |||||
Á leanúint ag | Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | deachtóireacht, údarásaíochas agus stát ar adhastar | ||||
Comhlacht reachtach | Vichy National Council (en) | ||||
• Ceannaire Rialtas Vichy na Fraince | Philippe Pétain | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | franc na Fraince | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Bhí an stát neamhspleách go hoifigiúil, ach in 1940 agus 1941 bhí cuid mhaith dá chríoch faoi fhorghabháil na Gearmáine faoi théarmaí crua an tsosa chogadh a síníodh in 1940, agus dá bharr sin, rinne an rialtas Vichy comhoibriú leis na Naitsithe. Faoi dheireadh na bliana 1942, bhí an chuid eile de chríoch na Fraince san Eoraip gafa ag na Gearmánaigh agus na hIodálaigh, rud a chuir deireadh leis an gcur i gcéill gur rialtas neamhspleách é an rialtas i Vichy.
Cúlra
cuir in eagarThosaigh an Dara Cogadh Domhanda i Meán Fómhair 1939. Ar an 10 Bealtaine 1940, rinne an Ghearmáin Naitsíoch ionradh uirthi. Bhris Arm na Gearmáine trí línte na gComhghuaillithe go tapa, ag dul chun tosaigh tríd an mBeilg, Lucsamburg, agus na hArdennes, agus sa chaoi sin an Líne Maginot (a bhí an-daingnithe) a sheachaint. Faoi lár mhí an Mheithimh, bhí arm na Fraince i gcruachás, agus ba léir go gcaillfeadh sé críocha na Fraince san Eoraip. Thosaigh rialtas na Fraince ag plé sos cogaidh.
D’éirigh Paul Reynaud as a phost mar Phríomh-Aire in áit sos cogaidh a shíniú, agus tháinig an Marascal Pétain, laoch sa Chéad Chogadh Domhanda, i gcomharbas air. Go gairid ina dhiaidh sin, shínigh Pétain an sos cogaidh ar an 22 Meitheamh 1940.
Comhaontú 1940
cuir in eagarDe réir an tsosa comhraic a aontaíodh idir an Ghearmáin agus an Fhrainc i 1940, roinneadh an tír ina dhá cuid. Bheadh limistéar amháin faoi smacht na nGearmánach agus go teoiriciúil bheadh an zón eile saor agus i seilbh na bhFrancach. An lá tar éis an tsosa comhraic, chuaigh an polaiteoir agus iar-phríomhaire Pierre Laval i mbun rialtais. Glactar leis gurb é a bhí mar phríomhailtire ar réimeas Vichy, réimeas a bhí ag feidhmiú lámh ar lámh leis na Naitsithe.
Bhí Rialtas Vichy faoi cheannas an Mharascail Philippe Pétain, an ceann stáit, ar dtús. Chuir an príomh-aire Laval ina luí ar an Chomhthionól Náisiúnta ar an 10 Iúil, 1940 gur cheart an t-údarás a thabhairt do Pétain bunreacht nua a chur chun cinn agus Rialtas Vichy a bhunú. Mheas Laval nach gclisfí ar na Naitsithe ins an Dara Cogadh Mór agus gur cheart don Fhrainc comhoibriú le Hitler.[2]
An Rialtas Vichy
cuir in eagarBhunaigh Laval agus Pétain rialtas forlámhach in Vichy a chuir go leor polasaithe liobrálacha ar ceal, agus a chuir tús le riaradh daingean ar an ngeilleagar. Tháinig Caitlicigh Choimeádacha chun cinn, agus chaill Páras a stádas avant-garde in ealaín agus i gcultúr na hEorpa. Choinnigh an rialtas greim láidir ar na meáin, agus chuir sé frith-Sheimíteachas, agus, tar éis tosú Oibríocht Barbarossa i mí an Mheithimh 1941, frith-Shóivéadachas chun cinn.
Thug téarmaí an tsosa cogaidh leibhéal áirithe neamhspleáchais agus neodrachta do rialtas Vichy. Mar shampla, d'fhan Cabhlach na Fraince agus coilíneachtaí na Fraince faoi stiúir na bhFrancach, agus bhí siad in ann forghabháil iomlán na tíre a sheachaint. In ainneoin brú ón Ghearmáin, ní dheachaigh rialtas Vichy isteach san Ais riamh, agus bhí sé ina chogadh leis an nGearmáin go foirmiúil. Go praiticiúil, áfach, rialtas a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe.
D'imtheorannaigh an Ghearmáin dhá mhilliún príosúnach cogaidh Francach, agus chuir sí obair éigeantais (service du travail obligatoire) i bhfeidhm ar fhir óga na Fraince. Coinníodh saighdiúirí Francacha ina ngiall le cinntiú go laghdódh Vichy a chuid fórsaí míleata agus go n-íocfadh sé dúchíos i bhfoirm óir, bia, agus lon cogaidh don Ghearmáin.
Thacaigh formhór phobal na Fraince leis an rialtas ar dtús, ach tháinig athrú intinne orthu mar a lean an cogadh ar aghaidh agus chuaigh coinníollacha maireachtála sa Fhrainc in olcas. Tháinig dlús leis an bhfreasúra nuair a ba léir go raibh an Ghearmáin ar tí an cogadh a chailleadh. D'éirigh Frithbheartaíocht na Fraince, ag obair i gcomhar leis an ngluaiseacht France Libre a bhí lonnaithe i Londain, níos láidre le himeacht ama. Nuair a cuireadh tús le saoradh na Fraince in 1944, insealbhaíodh Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince (Gouvernement provisoire de la République française, nó GPRF) mar an rialtas náisiúnta nua, faoi cheannas Charles de Gaulle.
Gabhadh an ball deireanach de Rialtas Vichy i gCaisleán Sigmaringen i mí Aibreáin 1945. Chuir an GPRF Pétain ar a thriail as tréas a dhéanamh agus daoradh chun báis é, ach laghdaigh de Gaulle an pionós go dtí príosúnacht saoil.
An tUileloscadh
cuir in eagarBhí an ghráin ag Rialtas Vichy ar Ghiúdaigh agus baisteach déchets (bruscair) orthu.[3] Faoina stiúir siúd, a rinneadh an cinneadh comhoibriú leis na Naitsithe chun timpeall 80,000 Giúdach a dhíbirt ón Fhrainc chuig campaí cinedhíothaithe ar fud na hEorpa.[4][5] D'fhiafraigh Laval de na Gearmánaigh ar ócáid amháin an mbeadh páistí faoi bhun sé bliana déag san áireamh ins an phróiseas díbeartha seo. Is cosúil nach raibh sé buartha faoi theaghlaigh a bheith scartha óna chéile ach gurbh amhlaidh nár mhian leis go dtitfeadh ualach chúram na bpáistí sin ar Rialtas Vichy.[2]
Ordaíodh do ghardaí na Fraince Giúdaigh agus “daoine nach bhfuil fáilte rompu” (m.sh. cumannaithe agus teifigh pholaitíochta) a ghabháil, agus maraíodh ar a laghad 72,500 Giúdach Francach i sluachampaí géibhinn Naitsíocha.
Níor cuireadh ach ceathrar oifigeach sinsearach i Rialtas Vichy ar a dtriail as coireanna in aghaidh na daonnachta, cé gur ghlac mórán páirt i ndíbirt na nGiúdach, i mí-úsáid príosúnach, agus i ngníomhartha cruálacha in aghaidh baill den Fhrithbheartaíocht.
Éire agus Vichy
cuir in eagarIn 1945 rinne Rialtas na hÉireann, faoi stiúir Éamon De Valera, tairiscint tearmann a thabhairt do Pierre Laval. Ní fios go baileach cad tuige ar deineadh an tairiscint seo nó an raibh lámh ag an Vatacáin ins an idirbheartaíocht. Mar a tharlaíonn sé, dhiúltaigh Laval glacadh le tairiscint an Taoisigh siocair nár mhian leis go mbogfaí thart é mar a bheadh ‘pacáiste smálaithe’ ann. Ina áit sin, bogadh Laval go limistéar na Meiriceánach san Ostair áit ar tugadh ar láimh é chuig údaráis na Fraince.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Julian T. Jackson, France: The Dark Years, 1940–1944 (2001).
- ↑ 2.0 2.1 "Tearmann in Éirinn tairgthe 80 bliain ó shin d’fhear a bhí i bhfeighil polasaí na mílte Giúdach a chur chuig campaí géibhinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-16). Dáta rochtana: 2025-01-16.
- ↑ Renaud Meltz (2020-10-21). "I.5. Laval, antisémite qui s’ignore et persécuteur cynique" (as fr). Revue d’Histoire de la Shoah 212 (2): 121–151. doi: . ISSN 2111-885X.
- ↑ encyclopedie.bseditions.fr. "“Le Bilan de la Shoah en France [Le régime de Vichy”.]". www.encyclopedie.bseditions.fr. Dáta rochtana: 2025-01-16.
- ↑ "Shoah en France" (as fr) (2025-01-16). Wikipédia.