Rhasidat Adeleke
Is rábálaí Éireannach í Rhasidat Adeleke a rugadh ar 29 Lúnasa 2002.[1][2] Bhain sí curiarracht náisiúnta amach nuair a chríochnaigh sa rás 400m sa bhliain 2022.[3] Tá boinn óir buaite aici i gCraobhacha Faoi 20 na hEorpa sna rásaí 100m agus 200m.[4]
(2023) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Lúnasa 2002 22 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | lúthchleasaí |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Disciplín spóirt | 200 méadar 400 méadar |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2024 | athletics at the 2024 Summer Olympics – women's 400 metres (en) |
2018 | 2018 IAAF World U20 Championships – women's 200 metres (en) |
2018 | 2018 European Athletics U18 Championships (en) |
Gairm
cuir in eagarBhuaigh Adeleke bonn airgid sa rás sealaíochta 4 x 100m le Molly Scott, Gina Akpe-Moses, Ciara Neville agus Patience Jumbo-Gula ag Craobhchomórtas Domhanda i Tampere, an Fhionlainn sa bhliain 2018[5][6] agus bonn óir sa 200m ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa 2018 i Győr, an Ungáir.[7][8]
Sa bhliain 2021 bhuaigh Adeleke an rás 100m agus an rás 200m araon ag Craobhchomórtais na hEorpa i Tallinn na hEastóine agus ba sheaimpín náisiúnta í mar thoradh.[9][10][11][12] Thosaigh sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas chomh maith.
I mí Lúnasa 2022, bronnadh an cúigiú háit uirthi i gcluiche ceannais 400m ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa nuair a bhain sí curriarracht náisiúnta amach le 50.53 soicind.[13][14][15][16][17]
2023
cuir in eagarI mí an Mheithimh 2023, 49.20 soicind a thóg rása 400m i Texas – an chéad uair ariamh ag bean as Éirinn a bheith faoi bhun 50 soicind.[4]
Ansin bhuaigh Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach i mí an Mheithimh.[19]
Sa bhliain 2023, bhí dóchas ollmhór ag Adeleke bonn a thabhairt abhaile ón Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain, 2023. Ach tháinig sí isteach sa 4ú háit.[18]
In 2023, b'í an séú bean is gasta ar domhan ar an achar sin agus an 23ú bean is tapúla sa 200m.[4]
2024
cuir in eagarD’éirigh le Adeleke bonn airgid a bhuachan sa rás 400 méadar i gCraobh Lúthchleasaíochta na hEorpa 2024 sa Róimh.[20] Ba é an bonn a bhuaigh sí an chéad bhonn sinsir aonair a bhuaigh Adeleke d’Éirinn agus díreach an 20ú ceann riamh atá buaite ag an tír seo tar éis beagnach 100 bliain de na craobhacha. Ach ba léir go raibh díomá uirthi nach raibh ach bonn airgid buaite aici sa chomórtas 400m. Bheadh an 49.07 soicind a thóg sé ar Adeleke an 400m a rith sách maith chun bonn airgid a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus bonn óir a bhuachan ag chuile Chluichí Oilimpeacha eile idir 2000 agus 2016.[21]
Agus bhuaigh ceathrar Éireannach an bonn óir sa rás sealaíochta 4 x 400 méadar. Chris O'Donnell, Rhasidat Adeleke, Thomas Barr agus Sharlene Mawdsley.[22]
Ba le Adeleke a bhain an briseadh croí ba mhó de na lúthchleasaithe Éireannacha ar fad a chuaigh go Páras agus Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024. Bhuaigh Adeleke an forás 400m ina raibh sise ar bheagán anró agus bhí sa dara háit sa mbabhta leathcheannais ar a compord. Ag drannadh le deireadh an bhabhta ceannais bhí sí sa tríú háit ach chuaigh Natala Kaczmarek na Polainne thairsti agus thug léi an bonn.[23]
Cúlra
cuir in eagarRugadh Adeleke i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2002. Is as an Nigéir dá tuismitheoirí, Ade agus Prince Adeleke.[6] Bhuaigh an rás 100m agus an rás 200m ag craobh na hÉireann fad is a bhí sí ag freastal ar Choláiste na Toirbhearta, Tír an Iúir.[6][24]
Is ball de Chlub Lúthchleasaíochta Thamhlachta í.[24][6][25]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "What A Year! Here Are All The Irish Medals Our Sports Stars Won In 2018 | Balls.ie". web.archive.org (2018-11-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-01. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Paul Fennessy. "The Irish teen with the world at her feet" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Ó Katie go Corn an Domhain – scoth na bpictiúr ó shárbhliain do bhanlaochra spóirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Mártan Ó Ciardha (7 Eanáir 2024). "Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-09.
- ↑ IAAF. "IAAF U20 4 x 100 Metres Relay Women - Final results". Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 "'I gave it all I had,' says Rhasidat (15) of her golden run" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "What A Year! Here Are All The Irish Medals Our Sports Stars Won In 2018 | Balls.ie". web.archive.org (2018-11-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-01. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "15-year-old Rhasidat Adeleke storms to 200m gold for Ireland at European Championships". web.archive.org (2018-07-07). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-07. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Rhasidat Adeleke shines again to stake her claim for Olympics place" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Adeleke eyes European glory after breezing into final" (as en) (2021-07-16).
- ↑ "Adeleke sprints to 100m gold at Euro U20 Championships" (as en) (2021-07-16).
- ↑ "Ireland’s Rhasidat Adeleke wins European sprint double" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Curiarracht náisiúnta nua bainte amach ag bean óg as Éirinn | Nuacht TG4" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Rory Cassidy. "Rhasidat Adeleke Finishes Fifth In European 400m Final" (en). Balls.ie. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Gavan Casey. "Rhasidat Adeleke breaks Irish 400m record with fifth-placed finish in European final" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Youtube (2022). "Rhasidat Adeleke 5th in Europe in new Irish Record" (as en).
- ↑ Brendan O'Brien (2022-08-17). "Rhasidat Adeleke storms to fifth and national record in European 400m final" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-31.
- ↑ 18.0 18.1 watchathletics.com (Lúnasa 2023). "Women's 400m Results: World Athletics Championships 2023". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (18 Márta 2023). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-19.
- ↑ Ba í Natalia Kaczmarek na Polainne a thug an bonn óir léi i 48.98 soicind agus taispeántas den scoth tugtha aicise. Tá i bhfad níos mó taithí ag an bPolannach, a bhuaigh bonn airgid sa rás 400m i dTóiceo, ná mar atá ag Adeleke.
- ↑ "Adeleke agus Mageean ag prapáil do Pháras, Cill Chainnigh agus Luimneach dosháraithe arís" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-12). Dáta rochtana: 2024-06-16.
- ↑ ELeathanach 472 11 Meitheamh 2024
- ↑ Mártan Ó Ciardha (22 Nollaig 2024). "Seacht mbonn, 15 spórt, 134 laoch…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ 24.0 24.1 "Three reasons to be cheerful for the future of Irish athletics" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Paul Fennessy. "The Irish teen with the world at her feet" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.