René Descartes
B'fhealsamh, matamaiticeoir, agus fisiceoir Francach sa 17ú céad é René Descartes (La Haye en Touraine, An Fhrainc, 31 Márta 1596 - Stócólm, an tSualainn, 11 Feabhra 1650), a bhfuil aithne air anois mar bhunaitheoir na fealsúnachta nua-aimseartha. Rinne sé saothar suntasach sa mheicnic is an optaic freisin.
Fealsúnacht
cuir in eagarRinne Descartes cur síos ar an modh eolaíoch ina shaothar Discours de la méthode (1637). Chuaigh sé i ngleic le barúlacha Arastatail, a bhí i réim go dtí sin, rud a chuir tús leis an eolaíocht nua
Leag Descartes amach fealsúnacht chun eolas daonna a bhunú ar sceipteachas ina leabhar Meditationes de Prima Philosophia (Smaointe ar Bhunús na Fealsúnachta, 1641)[1]. Is é bunsmaoineamh a fhealsúnachta an abairt Cogito Ergo Sum (smaoiním, mar sin táim ann).
Matamaitic
cuir in eagarBhunaigh Descartes an gheoiméadracht anailíseach, agus tá na comhordanáidí Cairtéiseacha ainmnithe as.
Cheap Descartes geoiméadracht chomhordanáideach, an chéad fhorbairt mhór sa gheoiméadracht ó Eoiclíd. Ba mhór an dul chun cinn don gheoiméadracht forbairt na geoiméadrachta anailísí ag Descartes. Mar shampla, feiniméin thríthoiseacha: luaitear Descartes mar cheapadóir an chórais seo, bíodh is gur bhain Apallóinias feidhm as aiseanna ina staidéar ar chónghearrthaí. Comhordanáidí Cairtéiseacha. Sa mhatamaitic, bealach a shaothraigh René Descartes chun ionad pointe a shainiú de réir a fhaid ó dhá líne dhíreacha fhosaithe is (de ghnáth) ingearacha, a dtugtar aiseanna na gcomhordanáidí orthu.
Descartes in Éirinn
cuir in eagarD'aistrigh William MoIyneux Meditationes (Machnamh, 1641) mar Six Metaphysical Meditations (Sé Mhachnamh Meitifisiciúil, 1680).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)