Rabindranath Tagore
Scríbhneoir, péintéir agus ceoltóir Indiach a bhí i Rabindranath Tagore. Saolaíodh ar an 7 Bealtaine 1861 é agus fuair sé bás ar an 7 Lúnasa 1941).
Buaiteoir Duais Nobel na Litríochta a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti.[1] Ba é Tagore an chéad scríbhneoir nárbh as an Eoraip dó a bhain amach Duais Nobel.
Saol
cuir in eagarAr aon dul leis an bPiarsach, náisiúnaí, file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Bhunaigh Tagore scoil i Santiniketan, sa Bheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thug Yeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil an Phiarsaigh i Raghnallach a bhog ina dhiaidh sin go Ráth Fearnáin.
Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste san oideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an "Ard-Fhírinne" mar a thug Tagore uirthi. D’áitigh Tagore gur sórt monarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh an Impireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar a chultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.
Saothar
cuir in eagarBa iad Gitanjali, Gora, agus Ghare-Baire na saothair ba mhó a thuill clú dó.
Bhí dráma le Tagore darbh ainm The Post Office aistrithe ag Yeats ón mBeangáilis.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-07-19.