Róisín Uí Mhadagáin Ní Raghallaigh
Bhí Róisín Uí Mhadagáin Ní Raghallaigh (Béarla: Róisín Madigan O'Reilly) (21 Eanáir 1903 – 13 Feabhra 1974), ina ball de Chumann na mBan agus ceannródaí fuaime agus raidió a bhí inti.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Eanáir 1903 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 13 Feabhra 1974 71 bliana d'aois Daingean Uí Chúis, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ealaíontóir fuaime, oibreoir raidió, cumadóir |
Teangacha | An Ghaeilge, Béarla agus an Ghearmáinis |
Beathaisnéis
cuir in eagarRugadh Róisín O’Reilly i mBaile Átha Cliath ar 21ú Eanáir 1903. E. O’Reilly, léachtóir le Litríocht na Gaeilge agus E. Hessler, gobharnóir a rugadh sa Ghearmáin a tuistí. Thug sí an Ghearmáinis, an Ghaeilge agus an Béarla léi ón óige. Chaith sí am freisin le teaghlach a máthar in Potsdam. Chreid an teaghlach go láidir i bPoblacht na hÉireann. Scríobh a hathair ailt agus filíocht don nuachtán An Claidheamh Soluis. Chuaigh O'Reilly isteach i gCumann na mBan nuair a bhí sí 13 bliana d'aois agus bhí sí ar an mball ab óige san eagraíocht. Bhí a máthair ina ball freisin. Ba í ba thúisce a thug clóscríobhán do Winifred Carney.[1]
Rinne Madigan O'Reilly staidéar i Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath áit ar dhírigh sí ar litreoireacht mhaisiúil, peannaireacht agus soilsiú. Chruthaíodh sí bricolage agus colláis le heilimintí focal de shaothair a hathar. Thug an grúpa foilsitheoireachta Gearmánach Potsdam: Müller and Co. Verlag a cuid oibre faoi deara. Tríd an nasc sin a chéadteagmhaigh sí le saothar Kurt Schwitters, saothar a chuaigh i bhfeidhm ar a cuid tionscadal féin ina dhiaidh sin, go háirithe an t-aistriúchán go Gaeilge a rinne sí ar a shaothar Ursonate sa bhliain 1926.[1]
Sa bhliain 1925 thosaigh Madigan O’Reilly ag obair do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i roinn a athraíodh ina Rannóg um Chosaint agus Caomhnú i Leabharlann na Tríonóide. D’oibrigh sí ar thionscadail éagsúla, ina measc Leabhar Aicill agus Dlíthe Brehon a athcheangal. Sa bhliain 1930 phós sí Edmund Madigan. Bhí baint aige le craoltóireacht raidió. Ní raibh aon chlann orthu. Fuair a fear céile bás sa bhliain 1950. Sna 1930idí thug Madigan O’Reilly tacaíocht theicniúil dá cara Máire Ní Chinnéide nuair a thaistil sí go dtí na Blascaodaí chun scéalta Pheig Sayers a thaifeadadh. Bhí sí ina hoibreoir raidió cumasach, ina cumadóir, agus ina healaíontóir fuaime. Tá seans gur spreag an dúil a bhí ag a fear céile sa raidió cuid de na spéiseanna seo. Creidtear gur dhuine de bhunaitheoirí an Irish Radio Transmitters Society í sa bhliain 1932. Cé gur bhronn sí cnuasach mór cartlainne ar an BBC creidtear gur scriosadh iad i ndóiteán Alexandra Palace.[1]
Chuaigh Madigan O'Reilly ar scor sa bhliain 1958 agus bhog sí go dtí an Daingean. D'oibrigh sí ann ar Irisches Traumbuch von Róisín O'Reilly. Dhírigh sí ar fhuaimeanna éagsúla ina cuid saothar, ina measc gutaí na Gaeilge chomh maith le fuaim na gaoithe agus na farraige. Is beag cuid dá saothair atá ar marthain fós ach maíonn Sisters Akousmatica go raibh sí mar inspioráid acu. Feictear í mar nuálaí a phléigh le fuaimeanna avant-garde na hÉireann.[1] [2][3][4][5][6]
Saothair
cuir in eagar- Os Ard
- PrimAUDial Language Performances
- Voweling the Heaviside
- Irisches Traumbuch von Róisín O’Reilly
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 “Róisín Madigan O'Reilly”. Aisteach.
- ↑ “New releases: Simon Steen-Andersen, Monty Adkins & Stephen Harvey, Jennifer Walshe”. 5:4 (13 April 2015).
- ↑ “The Quietus” (en-us). The Quietus. Anois, Os Ard: A Column About Irish Underground Music.
- ↑ “Biography - Vera Wyse Munro”. verawysemunro.nz.
- ↑ Casey (15 October 2019). "Aisteach: Jennifer Walshe, Heritage, and the Invention of the Irish Avant-Garde". Transposition (8). doi: .
- ↑ “Place and Time”. nickrothmusic.
- ↑ “Tautitotito: programme booklet” (en). Issuu.