Pulp
Ba bhanna ceoil alt-rac é Pulp. Tháinig an grúpa le chéile den chéad uair in Sheffield sa bhliain 1978. Bhain an grúpa formhór a gcuid clú agus cáil amach idir na blianta 1994 - 1996 leis na baill a leanas: Jarvis Cocker (an guth, an giotár),Candida Doyle (na méarchláir), Russell Senior (an giotár. an veidhlín), Mark Webber (an giotár, na méarchláir), Steve Mackey (an dordghiotár) agus Nick Banks (drummaí).
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1978, Sheffield ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1978 – 2013 |
Lipéad ceoil | Island Records Fire Records ![]() |
Seánra | Rac malartach, Breat-pop agus rac indie ![]() |
Codanna | |
Suíomh gréasáin | welovepulp.info ![]() |
Le linn na 80idí ní raibh mórán ratha ar an mbanna, ach ardaíodh a bpróifíl le linn na 90idí tar éis dóibh na halbaim His 'n' Hers (1994) agus Different Class (1995) a eisiúint. Tá an duais ceoil Mercury buaite acu faoi dhó - sa bhliain 1994 don albaim His 'n' Hers agus arís sa bhliain 1998 don albaim This is Hardcore. Bhí siad ina bpríomhoirfidigh ag Glastonbury faoi dhó chomh maith.
Chuaigh Pulp ar hiatas, tar éis dóibh an t-albam We Love Life a eisiúint sa bhliain 2001, tráth a raibh 10 milliún albam díolta acu. Tháinig siad le chéile an athuair sa bhliain 2011 mar phríomhoirfidigh ag féilte ceoil ar fud an domhain.
Bhí Pulp ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop orthu i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Oasis, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile nach iad.
Albaim
cuir in eagar- It (1983)
- Freaks (1987)
- Separations (1992)
- His 'n' Hers (1994)
- Different Class (1995)
- This Is Hardcore (1998)
- We Love Life (2001)
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |