Post Ríoga
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is comhlacht seachadta poist agus cúiréireachta sa Ríocht Aontaithe é an Post Ríoga (Gaeilge na hAlban: am Post Rìoghail; Breatnais: Post Brenhinol; Béarla: Royal Mail). Is le Seirbhísí Dáileacháin Idirnáisiúnta Go hoifigiúil tugtar Royal Mail Group Limited ar an gcuideachta agus is le Seirbhísí Dáileacháin Idirnáisiúnta é. Faoi scáth na cuideachta feidhmítear dhá bhranga, mar atá an Post Ríoga (litreacha agus beartáin) agus Parcelforce Worldwide (dáileachtaí). Bunaíodh é in 2001, bhain an chuideachta úsáid as an ainm Consignia ar feadh tréimhse ghairid ach d'athraigh sé go luath ina dhiaidh sin. [1] Roimhe sin, bhí an Post Ríoga agus Parcelforce (mar aon le Post Office Counters Ltd) mar chuid d’Oifig an Phoist, gnóthas faoi úinéireacht stáit sa RA. I bhfad sularbh ainm cuideachta é, bhí an branda ‘Post Ríoga’ in úsáid ag Ard-Oifig an Phoist sa Ríocht Aontaithe chun a líonra dáileacháin a shainaithint (lenar áiríodh cóistí poist a tharraingíodh capaill, cairteacha capall agus cairteacha láimhe, longa, traenacha, veaineanna, gluaisrothar agus aerárthaí ar feadh na gcéadta bliain).
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gnó fiontar seirbhís an phoist cuideachta phríobháideach |
Foirm dlí | cuideachta phríobháideach |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2001, Londain |
Bunaitheoir(í) | Anraí VIII Shasana |
Gníomhaíocht | |
Stocmhalartán | (LSE IDS) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Peter Long (2015–2018) Les Owen (en) (2018–2019) Keith Williams (en) (2019–) |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Rico Back (en) (2018–2020) |
Máthaireagraíocht | International Distributions Services (en) |
Úinéir | Schroders (1480%). Royal Mail Share Incentive Plan (en) (753%). Vesa Equity Investment (en) (713%). |
Fochomhlacht | |
Úinéir de | |
Cuid de | FTSE 100 (2021–) |
Suíomh gréasáin | royalmail.com |
Tríd an guideachta soláthraítear seirbhísí bailithe agus seachadta poist ar fud na Ríochta Aaontaithe. Cuirtear litreacha agus beartáin i dtaisce i mboscaí poist nó nó i mbocsaí beartán, nó bailítear iad ar an mórchóir ó ghnóthais agus iompraítear iad chuig oifigí sórtála de chuid an Phoist Ríoga. Is an Phost Ríoga boscaí colún dearga a bhfuil cáil mhór orthu i gcéin agus i gcóngar, a tugadh isteach den chéad uair sa bhliain 1852 (12 bhliain tar éis an chéad stampa postais, ar a dtugtar an Penny Black), agus boscaí poist eile, ar a léirítear léaráid ríoga an mhonarc a bhí i réim lá a dhéanta. [2] Déantar seachadtaí ar a laghad uair amháin gach lá seachas an Domhnach agus laethanta saoire bainc ar chostais aonfhoirmeacha do gach seoladh poist sa Ríocht Aontaithe. Is iondúil go mbíonn sé mar aidhm ag an bPost Ríoga litreacha agus beartáin don lá dár gcionn a sheachadadh an chéad lá gnó eile ar fud na tíre. [3]
Go dtí le déanaí, ba sheirbhís phoiblí é an Post Ríoga, a feidhmíodh mar roinn rialtais nó corparáid phoiblí. Tar éis an Achta um Sheirbhísí Poist 2011, [4] [5] rinneadh fochuideachta de Royal Mail Group Limited faoi lánúinéireacht cuideachta sealbhaíochta nua, darb ainm Royal Mail plc; cuireadh tromlach na scaireanna sa Royal Mail plc ar Stocmhalartán Londan in 2013. [6] Naoi mbliana ina dhiaidh sin athainmníodh Royal Mail plc: tugtar Seirbhísí Dáileacháin Idirnáisiúnta anois air (a bhfuil Royal Mail Group Limited fós ina fhochuideachta faoi lánúinéireacht).
Stair an Phoist Ríoga
cuir in eagarCuireadh tús le scéal an Phoist Ríoga sa bhliain 1516, nuair a bhunaigh Anraí VIII "Máistir na bPost", [7] post a athainmníodh mar "Ardmhaistir Poist" in 1710.
Nuair a tháinig sé ar ríchathaoir Shasana agus Éireann tar éis Aontas na gCorónach in 1603, bhog Séamas VI a theaghlach ríoga ó Dhún Éidean go Londain. I measc na gcéad chinntí a rinne sé ná an tseirbhís poist ríoga a bhunú idir Londain agus Dún Éideann, agus é de rún aige smacht a choinneáil ar Ríchomhairle na hAlban . [8]
Oifig an rialtais
cuir in eagarBa é Séarlas I a chuir seirbhís an Phoist Ríoga ar fáil don mórphobal den chéad uair ar 31 Iúil 1635, agus ba é an faighteoir d’íoc as an bpostas. Fágadh an mhonaplacht faoi Thomas Witherings .
Sna 1640idí, bhain an Pharlaimint an mhonaplacht as Witherings. Le linn an Chogaidh Chathartha agus an Chéad Chomhlathais reáchtáil Edmund Prideaux (parlaiminteach mór le rá agus dlíodóir a ndearnadh ard-aighne de) an tseirbhís poist pharlaiminteach agus shaothraigh sé brabús mór dó féin as. Chun a mhonaplacht a choinneáil leis féin i dtréimhse sin na hanacra chuir Prideaux feabhas ar éifeachtúlacht na seirbhíse agus d'úsáid sé bacainní dlíthiúla agus modhanna mídhleathacha araon chuige sin. [9]
Postas pingine ar fud na Ríochta
cuir in eagarI mí na Nollag 1839, cuireadh tús leis an gcéad mhórchóiriú nuair a rinneadh athbhreithniú ar Phost Aonfhoirmeach ar chostas cheithre phingin nár mhair ar feadh i bhfad.[10]
Cuireadh díomá ar Rowland Hill, a bhí ina mhúinteoir Sasanach, ina aireagóir agus ina leasaitheoir sóisialta, mar gheall ar an tseirbhís seachadta poist, agus scríobh sé litir inar mhol sé leasuithe le go n-athrófaí cur chuige an Phoist Ríoga agus a ndearnadh aithris orthu i seirbhísí seachadta poist ar fud an domhain dá éis sin. Diúltaíodh dá mholtaí an chéad lá riamh, ach sháraigh sé na constaicí polaitiúla, agus ceapadh é chun a chuid smaointe a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. Thuig sé go maoineofaí an eagraíocht a bhuí do chostas líon mór ceannachán beag agus chuir sé é sin i bhfeidhm le córas trínar gearradh costas ar an seoltóir seachas ar an nglacadóir. Baineadh úsáid as seo mar mhúnla do sheirbhísí poist eile ar fud an domhain, agus ar a bharr sin tá sé in úsáid anois mar bhunchloch choincheap an tsluamhaoinithe. [11]
Tugadh isteach athruithe móra eile amhail an Post Aonfhoirmeach Pingine an 10 Eanáir 1840. Leis sin réamhíoc an seoltóir ráta amháin seachadta le haghaidh áit ar bith sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn. [12] Cúpla mí ina dhiaidh sin, chun a dheimhniú gur íocadh postas na litreach, ghreamaigh an seoltóir stampa postais ar an litir, mar a bhí an Penny Black, arb é an chéad stampa postais riamh, a úsáideadh ó 6 Bealtaine 1840. [13] I measc na nuálaíochtaí eile tugadh isteach bileoga agus clúdaigh litreacha réamhíoctha, a dhear an péintéir Muimhneach, Liam Ó Maolbhríde.[14]
Toisc gurbh í an Ríocht Aontaithe an chéad tír a d'eisigh stampaí poist réamhíoctha, [13] is iad na stampaí Briotanacha an t-aon stampaí nach bhfeictear ainm na tíre eisiúna scríofa orthu . [15]
Faoi dheireadh an 19ú haois, bhí idir sé cinn agus dhá cheann déag de sheachadtaí poist in aghaidh an lae i gcathair Londan. Leis sin, tugadh deis do chomhfhreagraithe litreacha a mhalartú laistigh de lá amháin. [16]
Boscaí colúin
cuir in eagarTógadh an chéad bhosca colúin de chuid Oifig an Phoist in 1852 i nGeirsí sna hoileáin Mhuir nIocht. Tugadh isteach boscaí colúin ar mhórthír na Breataine an bhliain dár gcionn. [17] Is gnách go léirítear ceannlitreacha Laidine an mhonarc a bhí i réim ag suiteála an bhosca ar bhoscaí colún an Phoist Ríoga, mar shampla: VR eadhon Victoria Regina nó GR eadhon Georgius Rex . Níor úsáideadh an bhrandáil áirithe sin in Albain ar feadh na coda ba mhó de réimeas na Banríona Eilís II (nach maireann), mar gheall ar aighneas faoi theideal an mhonarc féin. D'áitigh roinnt náisiúnaithe Albanacha gur chóir go léireofarí Banríon Eilís gan uimhir ar bith, as siocair nach raibh aon Bhanríon Eilís ar Albain (ná ar an Ríocht Aontaithe) riamh roimhe sin. (Ní raibh in Eilís I ach Banríon ar Ríocht na hÉireann agus ar Ríocht Shasana roimh Achtanna an Aontais 1707). Mar chuid den aighneas bhí loitiméireacht agus ionsaithe ar bhoscaí poist a tugadh isteach in Albain ar a léiríodh EIIR. Chun an fhadhb a sheachaint, rinneadh 'Oifig an Phoist' a mharcáil ar bhoscaí colúin in Albain nó baineadh úsáid as Coróin na nAlbanach. [18]
D’oscail Oifig an Phoist seirbhís náisiúnta teileafóin i 1912. I 1919, d'fhorbair Innealtóirí Ríoga (Rannóg an Phoist) agus an Aerfhórsa Ríoga an chéad seirbhís aerphoist idirnáisiúnta. Osclaíodh Iarnród Oifig an Phoist i Londain i 1927. [19]
I 1941, tugadh isteach seirbhís aerghraf idir an Ríocht Aontaithe agus an Éigipt. Dá éis sin tugadh isteach an tseirbhís go Ceanada (1941), Oirthear na hAfraice (1941), Burma (1942), an India (1942), an Afraic Theas (1942), an Astráil (1943), an Nua-Shéalainn (1943), an tSiolóin (1944) agus an Iodáil ( 1944). [20]
Cuireadh postchóid i bhfeidhm ar fud na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann idir 1959 agus 1974. Ba é Contae Fhear Manach an chuid dheireanach den Ríocht Aontaithe dá tugadh postchóid.[21] Tugadh isteach dhá ghrád éagsúla (an chéad ghrád agus an dara grád) don chóras poist i 1968. D’oscail Oifig an Phoist an Banc Gíoró Náisiúnta an bhliain chéanna. [22]
Seirbhísí
cuir in eagarSeirbhís uilíoch
cuir in eagarDe réir an dlí ceanglaítear ar an bPost Ríoga an tseirbhís uilíoch a choinneáil ag imeacht, trínar féidir míreanna de mhéid sonrach [23] a sheoladh chuig aon suíomh laistigh den Ríocht Aontaithe ar phraghas seasta, beag beann ar achar na seoltaí óna chéile. Ráthaíodh leis an Acht um Sheirbhísí Poist 2011 go leanfadh an Post Ríoga ag soláthar na seirbhíse uilíche go dtí 2021 ar a laghad. [24]
Seachadadh Speisialta
cuir in eagarIs seirbhís poist bhrostaithe é Seachadadh Speisialta an Phoist Ríoga lena ráthaítear seachadadh roimh 1in nó 9rn an lá dár gcionn le haghaidh costas méadaithe. Sa chás nach dtagann an mhír in am, tugtar aisíocaíocht don té a d'íoc as an bpostas. Tugann sé árachas d’earraí ar luach £50 ar 9rn nó £750 ar 1in Is féidir táille bhreise a íoc chun an clúdach árachais a shíneadh suas le £2,500 (do cheachtar seirbhís). [25] [26]
Seirbhísí gnó
cuir in eagarOibríochtaí
cuir in eagarIs iad spriocanna an Phoist Ríoga ná 93% de phost den chéad ghrád a sheachadadh an chéad lá oibre eile, agus 98.5% de phost den dara gráda a sheachadadh faoi thrí lá oibre. [27]
Lárionaid poist
cuir in eagarLiosta na lárionad poist
cuir in eagarÓn Márta 2021, is iad seo a leanas na lárionaid poist atá in úsáid (arna rangnú de réir limistéir an Phoist Ríoga):[28]
- Oirthear: Chelmsford, Norwich, Nottingham, Peterborough, Romford, Sheffield, Lár na Tíre Theas (Northampton)
- Thiar: Birmingham, Chester, Manchain, Iarthuaisceart Lár na Tíre (Wolverhampton), Preston, Warrington
- Oirdheisceart: Croydon, Gatwick (Crawley), Greenford, Tuaisceart na gContaetha Tairsigh (Hemel Hempstead), Jubilee (Hounslow), Medway (Rochester), Lár Londan (Mount Pleasant)
- Iardheisceart: Briostó, Caerdydd, Dorset (Poole), Exeter, Gloucester, Plymouth, Portsmouth, Southampton, Abertawe, Swindon, Truru
- Tuaisceart: Obar Dheathain, Inbhir Nis, Cathair Luail, Dún Éideann, Glaschú, Leeds, Tuaisceart Éireann (Baile na Mainistreach), Tyneside / an Caisleán Nua (Gateshead)
Feidhmítear Lárionaid Poist in Manainn, i nGeirsí agus i nGeansaí mar chuid de ghréasán inmheánach an Phoist Ríoga.
Lárionaid Dáileacháin Réigiúnacha
cuir in eagarÓ 2020, tá seacht Lárionad Dáileacháin Réigiúnacha ar fud na tíre. Tá siad freagrach as seachadtaí móra réamhshórtáilte a láimhseáil ó chustaiméirí gnó. [29]
- Lárionad Dáilte na hAlban (Camas Neachdain)
- Lárionad Dáilte na Banphrionsa Ríoga (Londain)
- Lárionad Dáilte Náisiúnta (Northampton)
- Lárionad Dáileacháin an Iardheiscirt (Briostó)
- Lárionad Dáileacháin an Iarthuaiscirt (Warrington)
- Lárionad Dáilte Yorkshire (Normanton)
- Lárionad Dáilte Thuaisceart Éireann (Baile na Mainistreach)
-
Feithiclí mar a bhíodh
-
Veain Ford de chuid an Phoist Ríoga lasmuigh d’oifig an phoist in Axminster Shasana
-
Traein poist Aicme 325 de chuid Iarnróid na Breataine
-
Veain Peugeot de chuid an Phoist Ríoga i Londain
-
Iarnród Briotanach Aicme 73 le veain beartán agus carráistí faoi Iarnród na Breataine agus é ag iompar an phoist in 1986 trí Clapham Junction in iardheisceart Londan
Críocha Thar Lear na Breataine agus Spleáchais na Corónach
cuir in eagarTá a gcórais neamhspleácha poist féin ag Críocha Thar Lear na Breataine agus ag Spleáchas na Corónach. Cé go bhfreastalaíonn oibreoirí neamhspleácha orthu, úsáideann na trí Spleáchas Chorónacha postchóid Bhriotanacha i gcomhar leis an Phost Ríoga; tá a limistéar poist féin ag gach spleáchas. Gearrtar na praghsanna céanna as seachadadh ar fud na gceithre cheantar limistéar, cé nach ionann amanna seachadta. Ní mór do litreacha agus beartais ón Ríocht Aontaithe dul trí chustaim Oileáin Mhuir nIocht (rud nach gá in Oileán Mhanann). [30]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). The Times.
- ↑ “Royal Mail Post Boxes: A Joint Policy Statement by Royal Mail and Historic England”. Historic England.
- ↑ “1st Class mail”. Royal Mail (2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 December 2014. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC News Online. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 February 2019.
- ↑ “Postal Services Bill 2010–11”. Parliament UK. Dáta rochtana: 25 May 2011.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ “A brief timeline of the Royal Mail”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 August 2014. Dáta rochtana: 1 August 2014.
- ↑ “Twitter's float reminds us why we must privatise the Royal Mail”. City A.M. (13 September 2013). Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ How (2003). "Epistolary spaces: English letter-writing from the foundation of the Post Office to Richardson's Clarissa" (illustrated ed.): 11,12. Ashgate Publishing, Ltd. ISBN 978-0-7546-0354-2.
- ↑ Hill (1840). "On the Effect of the New Postal Arrangements upon the Number of Letters". Journal of the Statistical Society of London 3 (1): 102–105. London: Statistical Society (Great Britain). doi: . JSTOR 2337966. Dáta rochtana: 23 November 2009.
- ↑ “BBC World Service – 50 Things That Made the Modern Economy, Postage stamp”. Bbc.co.uk. Dáta rochtana: 23 May 2020.
- ↑ "Third Report of the Postmaster General on the Post Office" (1857). London: HMSO.
- ↑ 13.0 13.1 Osmańczyk (2003). "Encyclopedia of the United Nations and International Agreements: Third Edition Volume: N to S". Taylor & Francis. ISBN 9780415939218. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "UN and International Agreements" defined multiple times with different content - ↑ “Mulready stationery: Lettersheets and envelopes”. The Queen's Own: Stamps That Changed the World. National Postal Museum. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 December 2019. Dáta rochtana: 25 September 2006.
- ↑ Petersen (16 May 2006). “Philately: Countries: Great Britain”. National Postal Museum. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 July 2011. Dáta rochtana: 3 September 2012.
- ↑ “Murray's Handbook to London As It Is”. Victorian London – Communications – Post – Delivery Times and Postal Regulations (1879). Dáta rochtana: 3 December 2008.
- ↑ “Timeline of key events”. Postal Heritage. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 October 2013. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ Lister (14 June 2005). "Many Changeful Years". Xlibris Corporation. ISBN 9781462842452. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ “Final delivery for Mail Rail”. This Is Local London (30 May 2003). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 July 2009. Dáta rochtana: 19 August 2009.
- ↑ “Airgraph”. The British Postal Museum & Archive blog. The Postal Museum. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ “GIRO”. National Archives. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". PPPGuide.
- ↑ “Universal Service Obligation”. Royal Mail Group (2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 August 2013. Dáta rochtana: 26 August 2013.
- ↑ “Royal Mail Special Delivery”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 November 2013. Dáta rochtana: 15 October 2013.
- ↑ “UK Services”. Royal Mail. Dáta rochtana: 2 August 2023.
- ↑ “Royal Mail exceeds quality of service targets”. Parcel and Post Technology (27 August 2019).
- ↑ “Current Mail Centre Addresses”. Royal Mail (19 September 2012). Dáta rochtana: 17 March 2018.
- ↑ “Royal Mail Technical”. Royal Mail Technical. Dáta rochtana: 19 April 2020.
- ↑ “Sending mail to the Channel Islands and Isle of Man”. royalmail.com. Dáta rochtana: 21 March 2015.