Piobar (glasra)
(Athsheolta ó Piobar)
Is glasra é an piobar. Planda bliantúil atá ann, atá dúchasach do na trópaicí sa Domhan Úr, a úsáidtear mar ghlasra. Gaolmhar leis an bpráta is an tráta, le bláthanna bána cosúla. Na duilleoga mór; na caora mór bog inite, le cruthanna is dathanna éagsúla. Tagann an blas te géar ón gceimiceán caipsicin a bhíonn sa phlacaint ann. Úsáidtear ina iomláine é nó meilte ina phúdar. Cuimsíonn sé na piobair paiprice, sillí, piobar Chéin is piobar dearg, agus cuid mhaith cineálacha áitiúla. Is piobair dhearga neamhaibí na piobair ghlasa.[1]
Piper | |
---|---|
Piper magnificum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Piperales |
Fine | Piperaceae |
Géineas | Piper L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Piper nigrum |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Piobar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |