Patricia Burke Brogan

scríbhneoir Éireannach

File, drámadóir, péintéir agus Gaillimheach ba ea Patricia Burke Brogan (17 Márta 1926 – 5 Meán Fómhair 2022). Bhí péinteálacha agus grafaicí léi ar taispeáint go forleathan, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[1] Rugadh í i gCo. an Chláir agus bhí sí ag cur fúithi i gCathair na Gaillimhe níos déanaí

Infotaula de personaPatricia Burke Brogan
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1926
Cill an Dísirt, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meán Fómhair 2022
96 bliana d'aois
An Caislean gCearr, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBohermore Cemetery Chapel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, drámadóir, péintéir Cuir in eagar ar Wikidata


Chaith Burke Brogan tréimhse ghairid dá hóige ina nóibhíseach ag obair i neachtlann Mhaighdilíneach; bíodh an teach níocháin ‘Magdalene’ i nGaillimh ar choirnéal sa tsráid Forster, gar go maith don Fhaiche Mhór. Dúirt sí go raibh an neachtlann cosúil le hifreann mar a chuir Dante síos air. D’éirigh sí as na mná rialta agus í fós óg. Ar fhágáil an oird di, tharraingíodh sí aird go minic ina cuid scríbhinní ar an saol crua a bhí ag mná sa neachtlann i nGaillimh.[2]

Cuireadh a dráma Eclipsed ar stáitse den chéad uair sa bhliain 1992, bunaithe ar a bhfaca sí ann nuair a bhí sí ina nóibhíseach. Suite i neachtlann Mhaighdilíneach sna 1960idí, is scéal é seo a bhfuil brón agus greann ina n-orlaí tríd. Tá an dráma bunaithe ar a taithí agus í ina nóibhíseach le Siúracha na Trócaire sa neachtlann Maigdiléana i nGaillimh.[3]. Ó shin i leith tá sé curtha ar stáitse ar fud an domhain agus tá sé aistrithe go teangacha eile lena n-áirítear an tSeapáinis. Foilsíodh a cuimhní cinn in 2014.

Is iomaí duais atá bainte amach ag Burke Brogan as a cuid drámaí, dánta, grafaicí agus gearrscéalta. Bronnadh duais Fringe First ar Eclipsed ag Féile Amharclannaíochta Dhún Éideann. Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Máistreacht sna Dána honoris causa: uirthi in 2014.[1] Bronnadh Saoirse Chathair na Gaillimhe uirthi in 2022.[2]

Tháinig leagan Gaeilge, "Faoi Scáth", de dhráma Eclipsed amach in 2015,[4] Helen Ní Shé a d’aistrigh an script go Gaeilge.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Autumn Conferrings at NUI Galway" (en). www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-02-14.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-03-08). "Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar bheirt bhan chróga" (as ga-IE). 
  3. Ciarán Ó Cualáin (7 Aibreán 2023). "Suite chun boird le Eugene McCabe agus John McGahern, Aoine an Chéasta, 1989…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-15.
  4. Ceaití Ní Bheildiúin (21 Iúil 2015). "Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-15.