Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
Foras de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA nó an IPCC, Intergovernmental Panel on Climate Change i mBéarla). Coiste saineolaithe agus eagraíocht is ea é chun measúnú údarásach a dhéanamh ar an eolas eolaíoch ar an bhforthéamh domhanda aus an t-athrú aeráide domhanda de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa san atmaisféar.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | GIEC agus IPCC ![]() | ||||
Cineál | eagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe eagraíocht timpeallachta eagraíocht idir-rialtasach eagraíocht neamhbhrabúis ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1988 | ||||
Bunaitheoir(í) | Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Hoesung Lee (2015–2023) ![]() | ||||
Máthaireagraíocht | World Meteorological Organization (en) ![]() United Nations Environment Programme (en) ![]() ![]() | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | ipcc.ch ![]() | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/0/09/20211107_Projected_extremes_for_different_degrees_of_global_warming_-_3x10yr_area_chart_-_IPCC_AR6_WG1_SPM.svg/220px-20211107_Projected_extremes_for_different_degrees_of_global_warming_-_3x10yr_area_chart_-_IPCC_AR6_WG1_SPM.svg.png)
Bhunaigh Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe is Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta an PIRAA sa bhliain 1988.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/8/81/John_Houghton_High_Wycombe_20050226.jpg/220px-John_Houghton_High_Wycombe_20050226.jpg)
Déanann PIRAA measúnú freisin ar na hiarmhairtí ar an gcomhshaol, an eacnamaíocht is an tsochaí, agus molann freagairtí straitéiseacha don ghábh seo. Rinne an painéal (a raibh 400 eolaí ó 25 tír mar bhaill de ag an am) a chéad tuarascáil i 1990, ag tuar go n-éireódh meánteocht an Domhain 0.3 °C gach 10 mbliain den chéad seo. Rinne sé a thuarascáil chuimsitheach is déanaí i 2007, ag léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide is a iarmhair ag tarlú ar a laghad chomh trom is a tuaradh i 1990.
Tuarascáil sa bhliain 2022 ː
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/f/f8/2000%2B_year_global_temperature_including_Medieval_Warm_Period_and_Little_Ice_Age_-_Ed_Hawkins.svg/220px-2000%2B_year_global_temperature_including_Medieval_Warm_Period_and_Little_Ice_Age_-_Ed_Hawkins.svg.png)
Oibriú an Phainéil
cuir in eagarNí dhéanann PIRAA buntaighde ná monatóireacht ar athrú aeráide. Déanann sé atbhreithniú córasach ar an litríocht a bhaineann leis an scéal chun an t-eolas is déanaí a thabhairt ar an athrú aeráide, ar a thorthaí agus ar a bhféadfaí a dhéanamh i ngeall air.[2][3] Tairgeann na mílte eolaí agus saineolaí athbhreithniú agus achoimriú a dhéanamh ar na sonraí sna mílte staidéar agus tiomsaíonn siad príomhthorthaí an taighde i dTuarascálacha Meastacháin.[4] Cuireann an t-athbhreithniú béim ar shoiléire agus ar chruinneas agus bíonn an t-ábhar á scagadh i gcónaí;[5] maíodh gurb é an piarmheasúnú is mó ag an bpobal eolaíochta é.[6] Bíonn "Achoimre do Lucht Déanta Beartas" sna tuarascálacha agus gach líne di scrúdaithe ag toscairí ó na rialtais atá páirteach sa ghnó, sin os cionn 120 tír go minic.[7]
Údarás idirnáisiúnta ar an athrú aeráide is ea an PIRAA.[8][6] Tugann sé eolas do rialtais agus don phobal, agus tá an-tábhacht lena chuid tuarascálacha i gCoinbhinsiún Creatlaí na Naisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (CCNAAA), an príomhchonradh idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.[9][2]
Déanann toscairí de chuid na mballstát an PIRAA a reáchtáil. Cuireann siad lánchruinnithe ar bun gach bliain ar a laghad.[10] Toghann an painéal seo biúró eolaithe a bhíonn ann ar feadh timthriall meastacháin (sé nó seacht mbliana de ghnáth), agus a roghnaíonn saineolaithe atá molta ag rialtais agus ag eagraíochtaí breathnóireachta chun go scríobhfaidís tuarascálacha. Tá rúnaíocht ag an PIRAA, in éineacht le hAonaid Tacaíochta Teicniúla.[10]
Tar éis gur toghadh an biúró nua in 2015, thosaigh an PIRAA an séú timthriall meastacháin agus é le críochnú in 2022. Tá roinnt tuarascálacha speisialta foilsithe idir an dá am, agus orthu sin tá an Tuarascáil Speisialta ar Théamh Domhanda 1.5 °C, an Tuarascáil Speisialta ar an Athrú Aeráide agus an Tír, agus an Tuarascáil Speisialta ar an Aigéan agus ar an gCriósféar in Aeráid atá ag Athrú. Dá bhrí sin, maítear gurb é an séú timthriall meastacháin an ceann is uaillmhianaí i stair an PIRAA.[11]
Tuarascáil Mheastacháin an ghrúpa Eolaíochta Fisiciúla
cuir in eagarI Mí Lúnasa 2021, d’fhógair an grúpa Eolaíochta Fisiciúla a shéú Tuarascáil Mheastacháin.[12]
Deir an tuarascáil mar a leanas:
- Rinne bearta daonna an t-atmaisféar, an t-aigéan agus an tír a théamh, rud is cúis le athruithe forleathana meara ar an atmaisféar, ar an aigéan, an criósféar (an chuid reoite den aigéan) agus an bithsféar (áit ar bith a bhfuil beatha le fáil).
- Na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an gcóras aeráide ní raibh a leithéidí le fáil cheana leis na céadta nó na mílte bliain. Tá a lán athruithe ann nach féidir iad a leigheas go ceann na gcéadta nó na mílte bliain, go háirithe i dtaca leis an aigéan, na hoighearchlúideacha agus leibhéal na farraige.
- Téann an t-athrú aeráide a chuir daoine ar siúl i bhfeidhm ar gach réigiún. Tá níos mó fianaise ann ná riamh go bhfuil baint aige le tonnta teasa, báisteach throm, triomach agus anfaí trópaiceacha.
- Méadóidh an teocht dhomhanda dhromchla go dtí lár na haoise seo ar a laghad. Mura ndéanfar laghdú mór luath ar astúcháin ceaptha teasa, beidh téamh os cionn 1.5 céim Celsius ann agus drochthoradh níos géire fós ann.
- Déanfaidh téamh leanúnach domhanda an trimthriall domhanda uisce a ghéarú i dtreo go mbeidh sé níos luainí, ag athrú na monsún agus ag géarú triomaigh agus tuilte.
- De réir mar a mhéadóidh astúcháin dé-ocsaíde carbóin, ní bheidh an tír agus an t-aigéan chomh maith sin ag sú isteach dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar.
- B’fhéidir go leáfadh na hoighearchlúideacha, go n-athródh sruthanna aigéin go tobann agus go méadódh an téamh thar mar atá súil leis.
- Chun srian a chur leis an téamh a chuir daoine ar bun, is gá astúcháin charnacha dé-ocsaíd charbóin a laghdú go náid ghlan. Is gá astúcháin ceaptha teasa eile leithéidí meiteáin a laghdú chomh maith.
- Dá mbeadh astúcháin an-ísle ann bheadh a rian sin le haithint i gceann roinnt blianta ar charnadh aerasól agus gás ceaptha teasa agus ar chaighdeán an aeir. D’aithneofaí laghdú ar an teocht dhromchla i gceann timpeall fiche bliain.[12]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ PIRAA (IPCC) (Lúnasa 2021). "AR6 Climate Change 2021: The Physical Science Basis — Summary for Policy Makers [pdf]". www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-06-01.
- ↑ 2.0 2.1 IPCC. "Principles Governing IPCC Work".. Ceadaithe 1–3 Deireadh Fómhair 1998, athcheartaithe 14–18 Deireadh Fómhair 2013. Athrochtain 22 February 2019.
- ↑ [1] Appendix A to the Principles Governing IPCC Work
- ↑ "Structure of the IPCC".
- ↑ "234 scientists read 14,000+ research papers to write the IPCC climate report – here’s what you need to know and why it’s a big deal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-17. Dáta rochtana: 2021-08-24.
- ↑ 6.0 6.1 "IPCC, the world's unrivalled authority on climate science".
- ↑ "Understanding Climate Change: 22 years of IPCC assessment".
- ↑ "Scientists offered cash to dispute climate study". “Lord Rees of Ludlow, the president of the Royal Society, Britain's most prestigious scientific institute, said: "The IPCC is the world's leading authority on climate change..."”
- ↑
Introduction to the Convention, UNFCCC, arna chartlannú ón mbunleagan ar 8 January 2014, aisghafa 27 January 2014
{{citation}}
: CS1 maint: bot: original URL status unknown (link). - ↑ 10.0 10.1 "Structure — IPCC".
- ↑ "Decisions adopted by the 43rd Session of the Panel".
- ↑ 12.0 12.1 "AR6 Climate Change 2021: The Physical Science Basis — IPCC". www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-06-01.