Píotsa
Arán cothrom réidh is ea an píotsa[1][2] (Iodáilis: pizza) a gcuirtear barráin éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iasc nó beacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla.
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Iodáil |
Cuid de | bia na hIodáile |
Sonraí | |
Cineál | bia saoráideach, táirge deiridh, sneaic, táirge bácáilte agus píotsaí agus casaróil |
Cruth | diosca agus dronuilleog |
Príomh-chomhábhair | anlann trátaí, plúr, mozzarella, ola, salann, siúcra, uisce, piobar agus giosta aráin |
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/0/08/Pizza_im_Pizzaofen_von_Maurizio.jpg/250px-Pizza_im_Pizzaofen_von_Maurizio.jpg)
Stair
cuir in eagarTháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa. Is léir nach raibh trátaí ar fáil san am sin, toisc gurb as an Oileán Úr a tháinig an tráta.
San Iodáil, b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa Meiriceá i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh.
Le linn agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ní raibh na saighdiúirí Meiriceánacha san Iodáil sásta le bia an airm ach thaitin an bia áitiúil leo, an píotsa. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó.
Sa dara leath den 20ú haois, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí mearbhia Meiriceánacha.
Cócaireacht
cuir in eagarIs bia simplí é an píotsa de gnáth, mar shampla an Margherita. Níl ar an bpíotsa sin ach anlann trátaí, cáis agus basal. Sa bhliain 1889, deirtear gur thaitin píotsa leis an mBanríon Margherita nuair a d’ith sí é i Napoli san Iodáil. Chomh maith leis an mblas, thaitin sé léi go raibh na dathanna ó bhrat na hIodáile ar an bpíotsa agus báistíodh é an "Margherita".[3]
Anois cuireann daoine rogha leathan barrán ar a bpíotsa.
Margaíocht
cuir in eagarCeiliúrtar Lá Domhanda an Phíotsa ar an 9 Feabhra gach bliain. Ón mbliain 2000, bíonn ceiliúradh domhanda ar an bpíotsa.
Creid é nó ná creid, itheann daoine san Iorua níos mó píotsa ná daoine in aon tír eile.[3]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ““píotsa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-02.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “pizza — Aistriúchán Gaeilge ar pizza (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-05-02.
- ↑ 3.0 3.1 ELeathanach 489, Má Nuad 11 Feabhra 2025
- ↑ "Píotsa | Diarmuid Ó Mathúna | Cúla4 Ar Scoil" (en). TG4 Foghlaim. Dáta rochtana: 2025-02-12.