Oliver St. John Gogarty
Ba scríbhneoir, dea-chainteoir, lúthchleasaí agus fiú máinlia Éireannach é Oliver St. John Gogarty (Oiliféir Mag Fhógartaigh i nGaeilge; rugadh 17 Lúnasa 1878 agus d'éag 22 Meán Fómhair 1957). Bhí sé lán d'aer an tsaoil agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach.
Tús a shaoil
cuir in eagarRugadh i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath é. Agus é ina mhac léinn leighis, chrom sé ar ag cumadh dánta agus amhráin grinn a thuil clú éigean dó.
Ba mháinlia chluais deaslámhach é agus cáil air dá réir.
Sa mbliain 1917 cheannaigh Gogarty agus a bhean chéile Martha, arbh as Gaillimh í, an teach mór, Teach Rinn Mhaoile,[1][2] ó Caroline Blake. Ba de mhuintir na mBlácach ise – tiarnaí talún a raibh úinéireacht ar chuid mhaith de Chonamara acu agus cáil na tíorántachta ag dul leis.[3]
Tar éis bunadh an Saorstát, rinneadh seanadóir de Gogarty sa bhliain 1922.
Oíche amháin rinne buíonn fhearaibh é a fhuadach. De réir dealramh rún acu é a mharú ar bhruach na Life. Lena aclaíocht agus neart, bhris sé saor agus isteach leis sa sruth ag snámh leis chun sábháilteacht. Gheall sé go mbronnadh sé péire eala ar abhainn na Life, i mbuíochas don abhainn. Rinneadh amhlaidh agus rinne sé comóradh ar an eachtra seo ina dhán An Offering of Swans, 1923.
Bhain Gogarty bonn bonn óir ag na Cluichí Tailteann[4] sa bhliain 1924 dá leabhar An Offering of Swans.
Scríbhneoir
cuir in eagarBhí meas nach beag ag W.B. Yeats ar a chuid filíochta agus chuir sé neart dá dánta i gcló ins an Oxford Book of English Verse. Bunaíodh an carachtar Buck Milligan in Ulysses air agus bhí aighneas idir é féin agus James Joyce fán léiriú bréagach dár le Gogarty a dtugadh air.
Cheannaigh sé teach mór i Rinn Mhaoile, Co. na Gaillimhe, áit ar chaith sé neart ama agus ar thug roinnt mhaith daoine mór le rá cuairt air.
Bhí carr aige fán am sin, rud thar a bheith annamh agus cáil air mar gheall ar luas a thaistil.
Imirce
cuir in eagarTar éis sin is uile, d'fhág sé Éirinn (agus a bhean) sa bhliain 1939. Chuir sé faoi, faoi dheireadh, i Nua-Eabhrac. D'éirigh sé ina scríbhneoir lánaimseartha ann.
Tháinig galar croí air i Nua-Eabhrac, agus fuair sé bás ann sa bhliain 1957.
Leabhair
cuir in eagar- An Offering of Swans (1923)
- Wild Apples (1928)
- As I Was Going down Sackville Street (1937)
- Others to Adorn (1938)
- I Follow St Patrick (1938)
- Intimations (1950)
- It Isn't This Time of Year at All! (1954)
- Tumbling in the Hay
- Collected Poems (1954)
- A Week End in the Middle of the Week (1958)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Renvyle" (as en) (2024-02-19). Wikipedia.
- ↑ "Rinn Mhaoile/Rinvyle" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-10-21.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (20 Deireadh Fómhair 2024). "An file a bhuaigh bonn Oilimpeach, a d’imir do Preston North End agus a rinne scrúdú iarbháis Mhichíl Uí Choileáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-21.
- ↑ "Tailteann Games (Irish Free State)" (as en) (2019-06-11). Wikipedia.