Ba é Oibríocht Barbarossa an códfhocal a dtugtar ar ionsaí na Gearmáine ar an Aontas Sóivéadach, an t-ionradh míleata is mó sa stair. Thosaigh sí ar an 22 Meitheamh 1941, agus chuir sí tús leis an gcogadh san Oirthear le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ghlac thart ar trí mhilliún saighdiúir páirt san ionradh agus bhí líne thosaigh 1,800 míle ar fad ann.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Barbarossa
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 59° N, 26° E / 59°N,26°E / 59; 26
Cineálionradh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósFeardorcha I Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse22 Meitheamh - 5 Nollaig 1941
Suíomhan Eastóin, An Eastóin
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise, An tAontas Sóivéadach
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, An tAontas Sóivéadach
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive, An tAontas Sóivéadach
Rialtas Ginearálta na Polainne, Gearmáin na Naitsithe
an Liotuáin, An Liotuáin
an Laitvia, An Laitvia
Rúis na hEorpa, An Rúis
an tAontas Sóivéadach, An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisLebensraum Cuir in eagar ar Wikidata

Oibríocht Barbarossa an t-ainm a thug na Naitsithe air. D’fhan smachtú na Rúise mar phríomhaidhm ag Hitler de bharr na ndifríochtaí idé-eolaíochta agus ós san oirthear a bheadh an spás áitrithe le gnóthú agus acmhainní nádúrtha ag na Gearmánaigh.[2]

Oibríocht Barbarossa
roimh Barbarossa
"GENERALPLAN OST"
Cuireadh fáilte ar na Naitsithe san Úcráin
Cinedhíothú na nGiúdach, Zolochiv (san Úcráin)
Campa príosúnaigh chogaidh (Rúisigh)

Thosaigh Hitler a phleanáil ionraidh s’aige ar an Rúis ó lár 1940 ar aghaidh. Cé go raibh aontú idir an Ghearmáin Naitsíoch agus an t-Aontas Sóivéadach gan dul chun cogaidh lena chéile, bhí a fhios ag an dá thír go mbeadh cogadh ag teacht go luath.

Bhí sé mar phlean ag Hitler concas a dhéanamh ar an Rúis mar gheall ar an idé-eolaíocht a bhí aige ina raibh sé ag iarraidh níos mó spáis cónaithe do lonnaitheoirí Gearmánacha a fháil agus impireacht mhór na Gearmáine a chruthú in oirthear na hEorpa. Ghlaoigh sé “Lebensraum” (spás cónaithe) ar an bpolasaí seo.[1]

Bhí an chuma ar Hitler go raibh lúcháir air go raibh sé tosaithe ar a mhianaidhmeanna a chur i gcrích agus Lebensraum a bhaint amach don Ghearmáin. Bhí air moill míosa a chur ar an ionradh le haire a thabhairt don chogadh i gcodanna eile den Eoraip agus den Afraic. Ba bheag a thuig sé go mbeadh an mhoill seo ar cheann de na fáthanna ar theip air go fadtéarmach.

Cogaíocht

cuir in eagar

Ba iad na haidhmeanna a bhí ag na Gearmánaigh ná na trí chathair mhóra, Leningrad (Cathair Pheadair), Moscó agus Stalingrad, a ghabháil, agus glanadh eitneach a dhéanamh ar an tír. Bhí gráin ag na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Slavaigh, agus go leor grúpaí eile, mar sin bhí siad ag iarraidh iad a mharú nó a dhíbirt agus lonnaitheoirí Gearmánacha a mhealladh chun bheith ina gcónaí ansin i ndiaidh an chogaidh.

Bhí an t-Arm Dearg ag déanamh ullmhúcháin i gcomhair frith-ionsaithe roimh an ionradh. Ach sin ráite, chuir an t-ionradh i mí an Mheithimh ionadh orthu. Ní raibh Arm Dearg an Aontais Shóivéadaigh réidh fá choinne seo.[3] Ní raibh trealamh ceart acu agus bhí a gcuid eitleán imithe as dáta. I rith an tsamhraidh, ghabh na Gearmánaigh méid shuntasach de thalún ó na Sóivéadaigh. Ach chuir oibríocht Barbarossa iallach ar na Sóivéadaigh straitéis cosanta a uchtú.[1]

Ar dtús ghlac na Naitsithe go leor talún ón Rúis. Taobh istigh de ceithre mhí, bhí Moscó cosúil le cathair thréigthe agus ní raibh fágtha ann ach Stalin agus a chuid comhairleoirí.[4] Thart faoin Nollaig ní raibh na Naitsithe ach 5 chiliméadar ó Chathair Mhoscó.

Bhí cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Hitler, ach tharla cúpla rud a chur stop leis. Bhí cuid mhór den Arm Dearg in oirthear na tíre mar bhí Stalin buartha faoi chogadh leis an tSeapáin. (Bhí thart ar 3.8 milliúin saighdiúirí ar thaobh na hAise amháin[5], chomh maith le 3,500 tanc i mí an Mheithimh 1941). Nuair a fuair sé amach nach mbeadh sin ag tarlú, bhí Stalin in ann níos mó trúpaí agus trealamh cogaidh a sheoladh chun Moscó a chosaint.

Chomh maith leis sin, chuir geimhreadh crua na Rúise stop ar fad le dul chun cinn na nGearmánach. Ní raibh na Gearmánaigh i dtaithí ar an bhfuacht. Bhí sárshaighdiúirí geimhridh ag na Sóivéadaigh a bhí cleachta leis an aimsir chrua.

Oibríochtaí san Úcráin

cuir in eagar

I mí  Lúnasa, chinn na Naitsithe, in ainneoin easpa soláthairtí, Panzer Grúpa 2 a sheoladh chuig an líne tosaigh san Úcráin agus i gcathair Leningrad. Bhí an t-ionsaí ar Kiev thar a bheith rathúil. D'éirigh leis na fórsaí Gearmánacha na Sóivéadaigh sa chathair a thimpeallú agus a dhíothú.  

San Úcráin, bhí dóchas ag go leor daoine as na Naitsithe. D’fhear muintir na tuaithe fíorchaoin fáilte roimh na saighdiúirí Gearmánacha, rud a thugas ar a lán daoine ar an eite chlé Faisisteachas a chur i leith na nÚcránach go léir mar náisiún.[6]

Ghlac Hitler an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh sé APSS agus a arm ag troid san Iarthar go fóill.[7] Ba mhór an botún é ionradh Hitler ar an Rúis mar fuair an-chuid daoine ar an dá thaobh bás dá bharr, na milliúin Sóivéadach ina measc.

Cogadh barbartha, brúidiúil a bhí ann. Go háirithe, rinneadh cinedhíothú ar na Giúdaigh san Aontas Shóivéadach.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Domhnall Mac Concharraige, An Páipéar (2025-01-10). "Oibríocht Barbarossa" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-13.
  2. stmarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.
  3. cogg.ie. "Nótaí staire don Teastas Sóisearach". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Battle of Moscow" (as en) (2025-01-13). Wikipedia. 
  5. Clark, Lloyd (2012). Kursk: The Greatest Battle: Eastern Front 1943. Headline Review. ISBN 978-0755336395.
  6. An Tuairisceoir (2014-02-25). "An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2020-06-22.
  7. "examinations.ie" (2014). Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
  8. CCEA. "Sonraíocht GCE CCEA - Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-25. Dáta rochtana: 2020.