Norah Patten
Is innealtóir aerloingseoireachta agus spáseolaí Éireannach í Norah Patten ó Bhéal an Átha, Contae Mhaigh Eo, atá ina spásaire faoi oiliúint.[1] Tá sé i gceist go mbeadh sí ar fhoireann idirnáisiúnta a dhéanfas turas sa spás sa bhliain 2026.
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Luimnigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir eitilte, spáseolaí |
Gairm
cuir in eagarRugadh Patten i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo agus bhí sí an-tógtha ag an spás mar leanbh. Thug sí cuairt ar NASA nuair a bhí sí 11.[2]
Chríochnaigh sí a dochtúireacht i innealtóireacht aeraspáis in Ollscoil Luimnigh in 2011. Lean Patten cúrsa de chuid PoSSUM (Eolaíocht Pholach Fho-fhithiseach sa Mhéisisféar Uachtarach) in 2018.[3][4][5]
D'oibrigh Patten in Ionad na Cumaiscí san Ollscoil Luimnigh (2012-2015). D'eagraigh sí an tionscadal "An t-aon Bhealach Suas", a chur sé an chéad turgnamh mhic léinn Éireannach chun an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta.[6]
Scríobh Patten leabhar do pháistí, 44 lch, "Shooting for the Stars" in 2019.[7]
Tá Patten ag obair le comhlacht innealtóireachta Realtra Space Systems Engineering, cuid de Realtime Technologies Ltd.,[8] sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath.[9][10]
2026
cuir in eagarBeidh Patten féin agus beirt thaighdeoirí eile, bean óna Stáit Aontaithe agus bean ó Cheanada, le tabhairt faoin turas ar spásárthach Delta de chuid Virgin Galactic. Is ar mhaithe le taighde, is cosúil, an turas seo á thabhairt. Tá tacaíocht airgid faighte, is cosúil, ag Virgin ó infheisteoirí agus lucht urraíochta.[9]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ publicjobs.ie & Michelle Noone (2023-03-29). "Mná i róil Cheannaireachta - Michelle Noone, Ceannasaí don Earcaíocht Shinsearach agus Fheidhmeannach ag publicjobs.ie". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-29. Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ "Getting the next generation excited about space, Norah Patten, International Space University and Planet Zebunar Founder" (en-US).
- ↑ International Institute of Astronautical Sciences. "About IIAS – International Institute for Astronautical Sciences" (en-US). Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ "PoSSUM Scientist Astronaut Program" (en-US). Project PoSSUM. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-27. Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ lena n-áirítear eitiltí le taighde micrea-dhomhantarraingthe, triail a bhaint as cultacha spáis agus iad a mheas, oiliúint hiopocsachta agus oiliúint chun teacht slán ón bhfarraige, éalú eitlíochta agus spásárthaigh, agus eitiltí ina bhfuil ardfhórsa G i gceist
- ↑ "Mayo scientist counting down to her first space flight" (en-US). The Irish Times.
- ↑ O'Brien Press (2019-11-05). "The O'Brien Press - Shooting for the Stars - My Journey to Become Ireland’s First Astronaut Illustrated by Jennifer Farley By Norah Patten". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-05. Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ realtime.ie (2024). "Realtime Technologies Ltd" (en-IE). Dáta rochtana: 2024-06-22.[nasc briste go buan]
- ↑ 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2024-06-20). "An chéad Éireannach le dul sa spás i 2026" (as ga-IE).
- ↑ "Out of this world: Aeronautical engineer Dr Norah Patten to be the first Irish person in space" (en-IE). Engineers Ireland. Dáta rochtana: 2024-06-22.