Nicola Coughlan
Is aisteoir Éireannach í Nicola Mary Coughlan (rugadh ar an 9 Eanáir 1987 í). Tá clú agus cáil uirthi de bharr a róil mar Clare Devin sa dráma grinn suímh Derry Girls (2018-2022) agus Penelope Featherington sa dráma seanré Bridgerton (2020-anois).
(2021) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Eanáir 1987 38 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Calasanctius Birmingham School of Acting (en) Scoil Drámaíochta Oxford Ollscoil na Gaillimhe Royal Birmingham Conservatoire (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir |
Tréimhse oibre | 2004 – |
|
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Coughlan ar an 9 Eanáir 1987 i gContae na Gaillimhe, Éire, agus tógadh í in Órán Mór. Nuair a bhí sí cúig bliana d’aois, rinne Coughlan cinneadh a bheith ina haisteoir. D’fhreastail sí ar Scoil Mhuire don bhunscoil agus ar Calasanctius College don mheánscoil. Cháiligh sí le céim sa Bhéarla agus Sibhialtacht Chlasaiceach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh sí ar aghaidh go Sasana chun traenáil a dhéanamh i Scoil Dráma Oxford agus Scoil Aisteoireachta Birmingham. Tá sí ag cur fúithi i Londain.
Gairm Bheatha
cuir in eagarLuathshaothar (2004-2017)
cuir in eagarNuair a bhí sí 10 mbliana d’aois, sa bhliain 1997, bhí ról sa scéinséir aicsin My Brother’s War ag Nicola Coughlan ach níor luadh sna creidiúintí í. Sa bhliain 2004, chuir sí tús lena gairm le ról i ngearrscannán coiméide díoltais de chuid Tom Collins, The Phantom Cnut. Sna blianta ina dhiaidh sin, rinne sí saothair ghutha éagsúla i sraitheanna beochana.
Ag pointe áirithe, de dheasca deacrachtaí airgeadais, bhí ar Coughlan filleadh go hÉirinn. Bhí an dúlagar uirthi le linn an ama seo agus thug a muintir an-tacaíocht di. D’oibrigh sí go páirtaimseartha ag radharceolaí sa Ghaillimh. Ghlac sí páirt i dtriail aisteoireachta oscailte do Jess and Joe Forever ag The Old Vic i Londain agus d’éirigh léi príomhról Jess a bhaint amach. Bhí an chéad taispeántas i Meán Fómhair 2016, roimh thuras náisiúnta.
Úrfhuascailt (2018-anois)
cuir in eagarSa bhliain 2018, ghlac Coughlan ról Clare Devlin, duine de na príomhcharachtair sa tsraith Derry Girls. Tá an dráma grinn suímh seo suite i nDoire, Tuaisceart Éireann sna 1990idí. Craoladh an tsraith in Eanáir agus Feabhra 2018 ar Channel 4. Tar éis atheisiúint na sraithe ar Netflix i mí na Nollag 2018, bhí lucht féachana idirnáisiúnta agus tóir láithreach ar an gclár.
Sa bhliain chéanna, ghlac sí ról Hannah Dalton in Harlots. Mar aon leis sin, bhí an chéad ról West End aici in The Prime of Miss Jean Brodie. D’ainmnigh an Evening Standard mar “one of the Rising Stars of 2018” í. Bhí sí in iomaíocht le cuid dá comhréaltaí ó Derry Girls ar The Great British Bake Off sa bhliain chéanna freisin.
Sa bhliain 2019, fógraíodh go raibh páirt faighte ag Coughlan in Bridgerton, sraith de chuid Netflix, a cuireadh i láthair den chéad uair i Nollaig 2020. Tá an dráma seanré seo bunaithe ar leabhar sárdhíola de chuid Julia Quinn, leis an ainm céanna. Glacann Coughlan ról Penelope Featherington, débutante drogallach agus an iníon is óige i dteaghlach saibhir i Londain le linn Ré na Leasríochta.
Carthanacht agus abhcóideacht
cuir in eagarSa bhliain 2018, nuair a bhí Coughlan ar stáitse in The Prime of Miss Jean Brodie, scríobh sí alt in The Gaurdian faoin mionscrúdú a dhéantar ar chorp na mban-aisteoirí. An bhliain dár gcionn, bhí sí sna ceannlínte arís mar gur bhréagnaigh sí an méid a bhí le rá ag an Daily Mirror faoi ghúna a chaith sí, “not the most flattering” a dúradh faoi. “I mean incorrect @DailyMirror I look smokin’ sorry bout it” an freagra a bhí ag Coughlan orthu.
In Iúil 2020, bhailigh sí €5000 ar son Laura Lynn Hospice trí ghúna Alex Perry a chur ar ceant.
Sa bhliain 2019, thrasnaigh 28 mbean Droichead Westminster, iad ag leanúint Coughlan, rinne siad é seo chun díchoiriúlú an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann a éileamh.
Ar an 26 Meitheamh 2020, ghlac Coughlan agus a comhréaltaí ó Derry Girls páirt i sceitse le Saoirse Ronan le haghaidh RTÉ Does Comic Relief.
Scannánliosta
cuir in eagarBliain | Teideal | Ról | Nótaí eile |
---|---|---|---|
2004 | The Phantom Cnut | Katie | Gearr |
2004-05 | The Fairytaler | Éagsúla | Glór (Béarla) |
2008 | Summer of the Flying Saucer | Janis | Glór |
2010 | Simsala Grimm II: The Adventures of Yoyo and Doc Croc | Éagsúla | Glór (Béarla) |
2011 | Thor: Legend of the Magical Hammer | Edda | Glór |
2012 | Doctors | Marie Callaghan | Eipeasóid: "Every End Has a Start" |
2012 | Ivan the Incredible | Lottie | Glór |
2018 | Harlots | Hannah Dalton | |
2018-inniu | Derry Girls[1] | Clare Devlin | |
2020 | Bridgerton | Penelope Featherington |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.